Sa chaibidil seo, soláthraím achoimrí ar chúig chinneadh a rinneadh in 2011. Is féidir téacs iomlán na gcinntí sin a fháil ar mo láithreán Gréasáin, www.ocei.gov.ie.
Cás CEI/10/0018 – An tUasal Cian Ginty agus Iarnród Éireann – Cinneadh an 24 Meitheamh 2011
Cibé an raibh bonn cirt le cinneadh Iarnród Éireann rochtain ar fhaisnéis comhshaoil arna hiarraidh ag an iarratasóir a dhiúltú, nó nach raibh
In iarratas dár dáta 11 Meitheamh 2010, d’iarr an t-iarratasóir rochtain ar "liosta de na teorainneacha luais reatha go léir ar líonra Iarnród Éireann, agus aon tuarascálacha a bhaineann go díreach leis na teorainneacha luais sin". Dhiúltaigh Iarnród Éireann don iarratas sa chinneadh bunaidh agus i gcinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh ar an mbonn nárbh "fhaisnéis comhshaoil" a bhí san fhaisnéis a bhí á hiarraidh agus dá bhrí sin nach raibh sí faoi réir na Rialachán. Ina chinneadh de thoradh a athbhreithnithe inmheánaigh, rinne Iarnród Éireann cur síos ar an bhfaisnéis mar seo a leanas: "[faisnéis] de chineál oibriúcháin amháin, agus de réir sainmhínithe . . . de chineál neamhbhuan".
Le linn an athbhreithnithe, bhí m’Oifig den tuairim go raibh luas na traenach ina "fhachtóir" a mbíonn tionchar aige ar ghnéithe an chomhshaoil nó ar chosúil go mbeadh tionchar aige orthu. Mheas m’Oifig freisin go bhféadfaí teorainneacha luais sealadacha a chur i bhfeidhm de bharr tionchair fhachtóirí comhshaoil, cé gur admhaíodh go mbeadh cás mar sin neamhghnách. I mo chinneadh, chinn mé go raibh an fhaisnéis a bhí á lorg ina faisnéis comhshaoil de réir na Rialachán. Anuas air sin, ní bhfuair mé aon bhonn chun an fhaisnéis a bhí á lorg a choinneáil siar, go háirithe toisc go bhféadfaí a rá go mbaineann faisnéis faoi luasanna traenacha le hastaíochtaí isteach sa chomhshaol.
Chinn mé nach raibh bonn cirt le cinneadh Iarnród Éireann chun rochtain ar an bhfaisnéis a bhí á lorg a dhiúltú. Dá bhrí sin, chuir mé cinneadh Iarnród Éireann ar neamhní agus d’ordaigh mé go scaoilfí an fhaisnéis.
Cás CEI/10/0016 – An tUasal Pat Swords agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) – Cinneadh an 29 Iúil 2011
Cibé an raibh bonn cirt le cinneadh na Roinne rochtain ar fhaisnéis comhshaoil a bhaineann le ceadúnú urthrá a dhiúltú, nó nach raibh
In iarratas dar dáta 27 Meitheamh 2010, d’iarr an t-iarratasóir rochtain ar dhá mhír faisnéise a bhaineann le ceadúnú urthrá le haghaidh Thionscadal Dramhaíl go Fuinneamh Chathair Bhaile Átha Cliath. Dhiúltaigh an Roinn an t-iarratas an 28 Iúil 2010. D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach maidir leis an dara cuid dá iarratas bunaidh, a bhain le "staid oifigiúil na Roinne maidir le ceadúnais agus ceadanna, amhail iarratas urthrá, a phróiseáil laistigh de fhráma ama iomchuí agus den Acht um Éilliú a Chosc (Leasú), 2001". Dheimhnigh an t-iarratasóir níos déanaí "gur bhain a iarratas leis an bhfráma ama chun ceadúnas urthrá a phróiseáil". Rinne an t-iarratasóir achomharc chuig m’Oifig ar an 30 Lúnasa 2010 toisc gur theip ar an Roinn freagra a thabhairt ar a iarratas ar athbhreithniú inmheánach.
Ní raibh aon díospóid faoi ach go mbeadh an fhaisnéis a bhí á lorg faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar fhaisnéis comhshaoil, dá mbeadh sé ina seilbh. Le linn an athbhreithnithe áfach, d’eisigh an Roinn ráiteas chuig an iarratasóir inar míníodh an méid seo a leanas maidir leis na teorainneacha ama chun iarratas ar cheadúnas urthrá a phróiseáil: "níl teorainneacha ama ar ghá iarratais ar cheadúnais a phróiseáil lena linn sonraithe san Acht Imeall Trágha 1933 agus dá bhrí sin ní aon taifid ar fáil ina bpléitear an tsaincheist sin".
Is é Airteagal 7(5) den Rialachán an fhoráil ábhartha a bhfuil feidhm léi sa chás nach bhfuil an fhaisnéis atá á hiarraidh ina sheilbh ag údarás poiblí. Ní bhfuair mé cúis ar bith a bheith amhrasach faoi dheimhnithe na Roinne nár chruthaigh sí ná nach bhfuair sí an fhaisnéis a bhí á lorg ag an iarratasóir maidir leis an bhfráma ama chun ceadúnais a phróiseáil. Sna cúinsí sin, chinn mé nach raibh an fhaisnéis a bhí á lorg ina seilbh ag an Roinn agus go raibh feidhm ag Airteagal 7(5) de na Rialacháin ina leith. Sheas mé le cinneadh na Roinne dá réir sin.
Cás CEI/11/0003 – An tUasal Pat Swords agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (an Roinn) – Cinneadh an 28 Deireadh Fómhair 2011
Cibé an raibh bonn cirt le cinneadh na Roinne rochtain ar fhaisnéis comhshaoil a dhiúltú, a bhaineann le láithreas an Aire Ryan ar chlár Prime Time de chuid RTÉ an 14 Nollaig 2010 agus na tráchtanna a rinne sé ar fhuinneamh gaoithe, nó nach raibh
Bhain an t-iarratas sa chás seo, dar dáta 23 Nollaig 2010, le faisnéis comhshaoil maidir le tráchtanna ar fhuinneamh gaoithe a rinne Eamon Ryan, a bhí ina Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ag an am, le linn dó a bheith ar chlár Prime Time de chuid RTÉ an 14 Nollaig 2010. D’aithin an Roinn ceithre thuarascáil agus rinne sí cóip díobh sin a sholáthar don iarratasóir. D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach ar an mbonn nach raibh sé sásta gur thacaigh an fhaisnéis a soláthraíodh leis na tráchtanna a rinne an tAire maidir le praghas an leictreachais do thomhaltóirí. Ina chinneadh de thoradh an athbhreithnithe inmheánaigh, sheas an Roinn lena cinneadh bunaidh, agus dúirt go raibh an tábhar ábhartha curtha ar fáil don iarratasóir agus nach raibh aon fhaisnéis ábhartha eile ar fáil.
Arís, ní raibh aon díospóid faoi ach go mbeadh an fhaisnéis a bhí á lorg faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar fhaisnéis comhshaoil, dá mbeadh sé ina seilbh ag an Roinn. Ní bhfuair mé cúis ar bith, áfach, a bheith amhrasach faoi dheimhnithe na Roinne go raibh sí tar éis an fhaisnéis go léir a bhí ábhartha don iarratas a aithint agus a sholáthar don iarratasóir. Cé go raibh seans nár chomhlíon an fhaisnéis a cuireadh ar fáil riachtanais an iarratasóra, mheas mé nach bhféadfaí iarraidh ar an Roinn faisnéis a chruthú chun na críche sin faoi na Rialacháin.
Chinn mé nach raibh an fhaisnéis a bhí á lorg ag an iarratasóir ina seilbh ag an Roinn agus go raibh feidhm ag Airteagal 7(5) de na Rialacháin ina leith. Sheas mé le cinneadh na Roinne dá réir sin.
Cásanna CEI/10/0005 agus CEI/10/0007 – An tUasal Gavin Sheridan agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, agus an tUasal Gavin Sheridan agus an Banc Angla-Éireannach – Cinntí an 13 Meán Fómhair 2011 agus 29 Meán Fómhair 2011, faoi seach
Cibé an bhfuil na comhlachtaí lena mbaineann ina n-údaráis phoiblí faoi chuimsiú bhrí na Rialachán
Chuir an t-iarratasóir iarratais áirithe chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) agus chuig an mBanc Angla-Éireannach (an Banc) ar diúltaíodh iad toisc nár mheas an comhlacht lenar bhain siad go raibh sé ina "údarás poiblí" de réir bhrí na Rialachán. Mar a tugadh faoi deara i gCaibidil 1, i gcás ina bhfuil easaontas ann maidir le comhlacht a bheith ina údarás poiblí nó gan a bheith ina údarás poiblí, tá sé de cheart ag an duine atá ag déanamh an iarratais achomharc a dhéanamh chuig m’Oifig. Dá réir sin, rinne an t-iarratasóir achomharc le m’Oifig i gcoinne chinntí GNBS agus an Bhainc faoi seach.
Tá sainmhíniú ar an téarma "údarás poiblí" in Airteagal 3(1) de na Rialacháin agus in Airteagal 2(2) den Treoir. Comhfhreagraíonn míreanna (a) go (c) d’Airteagal 3(1) don sainmhíniú sa Treoir, ach murab ionann agus an Treoir, tá an méid seo a leanas sa bhreis in Airteagal 3(1): "agus foluíonn" aonáin áirithe atá liostaithe i bhfomhíreanna (i) go (vii). I bhfomhír (vi) tá "bord nó comhlacht eile (ach gan cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí a chur san áireamh) arna bhunú le reacht nó faoi reacht". Áirítear i bhfomhír (vii) "cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí, ina bhfuil na scaireanna uile i seilbh- (I) Aire Rialtais nó á gcoinneáil i seilbh ar a shon".
Níor mheas GNBS ná an Banc gur chomhlíon siad na critéir faoi mhíreanna (a) go (c). Sa chomhthéacs sin, ba í an phríomhargóint a rinne na comhlachtaí, go bunúsach, gur gá plé le míreanna (a) go (c) mar choinníollacha cáiliúcháin chun an sainmhíniú ar údarás poiblí a chomhlíonadh, d’ainneoin úsáid an fhrása "agus foluíonn" sna Rialacháin.
Shonraigh mé gur téarma forleathnaithe é "agus foluíonn" i ndlí na hÉireann, nuair a úsáidtear i sainmhíniú reachtach é. Mar sin, i bhfianaise chásdlí na hÉireann ar an ábhar, chinn mé go bhfuil forchiall fhorleathnaithe nó fhairsing i gceist leis an ngnáthchiall (nó ciall litriúil) atá ag "foluíonn", agus dá bhrí sin ní mór an méid sin atá faoi rialú "foluíonn" a chur isteach nó a chur san áireamh. Chinn mé freisin dá dtabharfaí an chiall sin do "foluíonn" go mbeadh an sainmhíniú ar údarás poiblí iomlán simplí agus gan débhrí. Ar deireadh, chinn mé, agus na Rialacháin á gcur i bhfeidhm, gur cheart éifeacht a thabhairt do chiall shimplí "foluíonn". Dá réir sin, chinn mé nach mór dom a thuiscint ón téarma "údarás poiblí" mar atá sainmhínithe sna Rialacháin go mbaineann sé le gach cineál aonáin atá san áireamh ar an liosta i bhfomhír (i) go (vii) gan aird a thabhairt ar na haonáin sin a bheith cuimsithe sna catagóirí i míreanna (a) go (c) freisin.
Sa bhreis air sin, níor chuir argóintí GNBS ná an Bhainc ina luí orm go mbeadh toradh in achrann leis an Treoir dá mbraithfí ar chiall shimplí an fhocail "foluíonn", mar a úsáidtear é sa sainmhíniú ar údarás poiblí sna Rialacháin. Thug mé faoi deara go bhféadfaí argóint láidir a dhéanamh go gcuireann an Treoir ar chumas Ballstát cur chuige forleitheadach a ghlacadh maidir leis an méid atá i gceist le "údarás poiblí" agus go spreagann sí a leithéid. Sa chás áirithe seo, níor ghlac mé leis gur cheart míreanna (a) go (c) den sainmhíniú ar údarás poiblí sna Rialacháin a thuiscint mar chritéir shriantacha i gcás inar léir gur roghnaigh Ballstát cur chuige forleitheadach a ghlacadh i leith an tsainmhínithe.
Chinn mé gur údarás poiblí é GNBS ar an mbonn go gcomhlíonann sí an critéar i bhfomhír (vi) den liosta aonán uimhrithe (i) go (vii) a "fholuítear" sa sainmhíniú ar údarás poiblí.Chinn mé gur údarás poiblí é an Banc ar an mbonn go gcomhlíonann sé an critéar i bhfomhír (vii)(I) den liosta aonán uimhrithe (i) go (vii) a "fholuítear" sa sainmhíniú ar údarás poiblí.Níor mheas mé gur ghá breithniú ar cibé an gcuimsítear GNBS nó an Banc freisin i gceann ar bith de na catagóirí i míreanna (a) go (c) den sainmhíniú nó nach gcuimsítear.Chuir mé cinntí GNBS agus an Bhainc faoi seach ar neamhní.
Mar a sonraíodh i gCaibidil 1, rinneadh achomharc chuig an Ard-Chúirt i gcoinne mo chinntí.