Tá an córas um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol bunaithe ar Directive 2003/4/EC. Tá sé mar fhoráil lárnach sa treoir ceart rochtana a bhunú ar fhaisnéis comhshaoil atá i seilbh na n-údarás poiblí. Rinneadh an treoir a thrasuí i ndlí na hÉireann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 (I.R. Uimh. 133 de 2007), a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2007. I mí na Nollag 2011, rinneadh na Rialacháin a leasú le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) (Leasú) 2011 (I.R. Uimh. 662 de 2011).
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil faoi Airteagal 12 de na Rialacháin. Rinneadh sealbhóir na hoifige, an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, díomsa ós rud é go sanntar an post sin faoi Airteagal 12(2) don duine atá i seilbh Oifig an Choimisinéara Faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Is é an ról atá agam mar Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, atá sa bhreis, agus neamhspleách ó thaobh dlí de, ar na róil atá agam mar Ombudsman agus mar Choimisinéir Faisnéise, athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí arna ndéanamh ag údaráis phoiblí ar achomharc ó dhaoine den phobal nach bhfuil sásta le toradh a niarratais ar fhaisnéis comhshaoil. Tá na cinntí a dhéanaim ar achomharc ceangailteach agus críochnaitheach ar na páirtithe atá i gceist, mura ndéantar achomharc eile chuig an Ard-Chúirt taobh istigh de dhá mhí den chinneadh.
Céard is faisnéis comhshaoil ann?
Tá sainmhíniú leathan ar "faisnéis comhshaoil" sa Treoir agus sna Rialacháin. Cuimsítear ann faisnéis "in written, visual, aural, electronic or any other material form" maidir leis na sé chatagóir seo a leanas:
Ní ordaítear liosta d’údaráis phoiblí aonair atá faoi réir an chórais um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, faoi mar a dhéantar sa reachtaíocht maidir le saoráil faisnéise. Mar mhalairt air sin, tugtar sainmhíniú leathan sna Rialacháin ar an téarma "údarás poiblí" ("public authority") lena gcuimsítear iad seo a leanas –
Sonraítear sa sainmhíniú sna Rialacháin go gcuimsítear cineálacha áirithe aonáin freisin. Ceanglaítear ar an Aire sna Rialacháin, arna leasú, a chinntiú go bhfuil liosta táscach d’údaráis phoiblí ar fáil don phobal i bhfoirm leictreonach ("ensure that an indicative list of public authorities is publicly available in electronic format").
I gcás ina bhfuil easaontas ann maidir le comhlacht a bheith ina údarás poiblí nó gan a bheith ina údarás poiblí, tá sé de cheart ag an duine atá ag déanamh an iarratais achomharc a dhéanamh chuig m’Oifig. D’eisigh mé dhá chinneadh in 2011 a bhain le raon an tsainmhínithe maidir le húdarás poiblí agus tugtar achoimre ar na cinntí sin i gCaibidil 2.
Rochtain ar fhaisnéis comhshaoil a éascú
Tá ionchas i scéim na Treorach agus na Rialachán go gceadófar iarratais ar fhaisnéis comhshaoil de ghnáth. D’fhonn rochtain ar fhaisnéis comhshaoil a éascú, éilítear sna Rialacháin ar údaráis phoiblí an pobal a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus faisnéis agus treoir a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na gceart sin. Éilítear freisin ar údaráis phoiblí gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun faisnéis comhshaoil atá ina seilbh, nó i seilbh pháirtí eile thar ceann an údaráis, a chothabháil ar bhealach atá in-atáirgthe agus inrochtana go furasta le teicneolaíocht faisnéise nó ar mhodh leictreonach eile ("make all reasonable efforts to maintain environmental information held by or for it in a manner that is readily reproducible and accessible by information technology or by other electronic means".)
Tá ceanglais de bhreis ar údaráis phoiblí tugtha isteach sna Rialacháin arna Leasú d’fhonn cloí le hoibleagáidí áirithe faoin treoir. Ní mór d’údaráis phoiblí anois a chinntiú maidir le faisnéis comhshaoil arna tiomsú acu nó dóibh go bhfuil sé chun dáta, cruinn agus inchomparáide ("ensure that environmental information compiled by or for it, is up-to-date, accurate and comparable") Ní mór d’údaráis phoiblí cláir nó liostaí den fhaisnéis comhshaoil atá i seilbh an údaráis a choinneáil agus oifigeach faisnéise a cheapadh chun na cuspóirí sin nó pointe faisnéise a sholáthar chun treoracha soiléire a thabhairt maidir leis an áit a bhfuil faisnéis den chineál sin ar fáil ("maintain registers or lists of the environmental information held by the authority and designate an information officer for such purposes or provide an information point to give clear indications of where such information can be found"). I gcomhréir le hAirteagal 7(4) den Treoir, éilítear ar údarás poiblí, i gcás ina bhfuil baol do shláinte an duine nó don chomhshaol ag bagairt, a chinntiú go ndéantar gach faisnéis atá ina sheilbh nó i seilbh pháirtí eile thar ceann an údaráis a chuirfeadh ar chumas an phobail ar a mbeidh tionchar ag an mbaol sin bearta a chur i bhfeidhm chun baol a sheachaint nó a mhaolú ("ensure that all information held by or for it, which could enable the public likely to be affected to take measures to prevent or mitigate harm, is disseminated immediately and without delay").
Faoin gcóras um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, níl aon táille tosaigh i gceist chun iarratas a dhéanamh nó chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú seachtrach ar chinneadh iarratas a dhiúltú. Go ginearálta, áfach, ní mór táille €150 a ghearradh ar achomharc a dhéantar chuig m’Oifigse. Tá táille laghdaithe €50 i gceist i leith achomhairc chuig m’Oifig ó shealbhóir cárta leighis, ó chleithiúnaí atá ag sealbhóir cárta leighis, nó ó thríú páirtí iomchuí. Déantar foráil anois sna Rialacháin, arna leasú, gur féidir liom an táille achomhairc iomlán nó cuid den táille sin a tharscaoileadh i gcás ina raibh an cinneadh bunaidh míthráthúil.
Féadfaidh údarás poiblí táille a ghearradh i gcás ina gcuireann sé faisnéis comhshaoil ar fáil, ach ní mór d’aon táille den chineál sin a bheith réasúnta ag féachaint don treoir ("reasonable having regard to the Directive".) I gcás ina bhfuil sé i gceist ag údarás poiblí táillí a ghearradh, ní mór dó liosta de na táillí inmhuirir a chur ar fáil don phobal. Tá ceart achomhairc (inmheánach agus seachtrach) ann ar an bhforas go bhfuil méid na táille arna gearradh iomarcach.
Leagtar síos forais diúltaithe shainordaitheacha agus dhiscréideacha atá deartha, nuair is iomchuí, chun an méid seo a leanas a chosaint:
Mar sin féin, i bhformhór na gcásanna, ní féidir iarratais a bhaineann le hastaíochtaí isteach sa chomhshaol a dhiúltú. Tá gach iarratas faoi réir ag breithniú ar leas an phobail faoi Airteagal 10(3) de na Rialacháin. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 10(4) go ndéanfar forais diúltaithe iarratais a léirmhíniú ar bhonn srianta ag féachaint do leas an phobail.
I gcás nach gcuireann an t-údarás poiblí aon chinneadh in iúl, déantar foráil sna Rialacháin do cheart achomhairc ar bhonn diúltaithe measta.
Tá Nótaí Treorach maidir le cur chun feidhme na Rialachán foilsithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn). Tá na Nótaí, lena n-áirítear téacs na Rialachán agus na Treorach, ar fáil ar láithreán Gréasáin na Roinne www.environ.ie agus ar láithreán Gréasáin m’Oifige ag www.ocei.gov.ie. Cé go n-éilítear ar údaráis phoiblí féachaint do na treoirlínte arna bhfoilsiú ag an Roinn nuair atá a gcuid feidhmeanna faoi na Rialacháin á gcomhlíonadh acu, ní airbheartaítear gur léirmhíniú dlíthiúil ar na Rialacháin atá sna treoirlínte.
Rinneadh trí achomharc déag chuig m’Oifigse i rith 2011. Dúnadh ceithre achomharc déag i rith na bliana. Eisíodh seacht gcinneadh fhoirmiúla agus tá achoimrí ábhartha leagtha amach sa chéad chaibidil eile. Measadh gur aistarraingíodh cás amháin nuair a cuireadh na taifid ar fáil tar éis do m’Oifig idirghabháil a dhéanamh faoin scéal. Aistarraingíodh cás amháin eile freisin tar éis teagmhálacha le m’Oifig. Measadh cúig achomharc eile a bheith neamhbhailí, mar gheall go príomha nach ndearnadh iarratas ar athbhreithniú inmheánach nó ós rud é nár íocadh an táille achomhairc. Bhí ceithre chás déag idir lámha fós againn ag deireadh na bliana. Thaifead m’fhoireann 22 fiosrúchán ginearálta maidir leis na Rialacháin.
Bíodh is gur eascair formhór na n-achomharc ó iarratais chuig údaráis áitiúla agus ranna rialtais, rinneadh achomhairc in aghaidh cinntí a bhí déanta ag Banc Ceannais na hÉireann agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freisin. I measc na saincheisteanna atá fós á meas tá raon an tsainmhínithe maidir le "faisnéis comhshaoil" i gcomhthéacs iarratais ar chóip iomlán den chonradh maidir le tógáil agus feidhmiú loisceoir an Phoill Bhig.
Go ginearálta, foilsítear cinntí faoi achomhairc ar láithreán Gréasáin m’Oifige ag www.ocei.gov.ie. In dhá chás nár foilsíodh, áfach, ní raibh aon cheist eile fágtha do m’Oifig le cinneadh a dhéanamh ina leith agus eisíodh cinntí foirmiúla mar bheart riaracháin chun na cásanna a dhúnadh.
Saincheisteanna a tháinig chun cinn in 2011
An méid gníomhaíochta a bhí ann i rith 2011
Thug mé le fios roimhe seo gur beag gníomhaíocht a bhí ar siúl faoi na Rialacháin. In 2011, tháinig laghdú 43.5% ar an leibhéal achomhairc ón leibhéal ab airde, 23 iarratas a fuarthas in 2010, agus tá sé inchomparáide leis an líon achomhairc a fuarthas in 2008, nuair a bhí m’Oifig nuabhunaithe. Tháinig ceithre cinn den 13 achomharc a fuarthas in 2011 ó dhaoine a rinne achomhairc chuig m’Oifig roimhe sin. Bhí an ceathrar achomharcóirí sin freagrach as seacht gcinn de na hachomhairc in 2011.
Measaim go bhfuil leibhéal na táille a bhaineann le hiarratas a dhéanamh chuig m’Oifig (€150 de ghnáth) ag díspreagadh achomharcóirí féideartha. Ina theannta sin, in ainneoin na ndualgas ginearálta a chuirtear ar údaráis phoiblí maidir le rochtain ar fhaisnéis comhshaoil a éascú, is cosúil go bhfuil easpa feasachta ginearálta ann i measc an phobail maidir lena gcearta faoi na Rialacháin. Bíonn m’fhoireann oibre i dteagmháil i gcónaí leis an Roinn maidir le feidhmiú na Rialachán agus tá sé tugtha faoi deara go háirithe acu gur cúis imní ar leith dom an leibhéal feasachta i measc an phobail agus in údaráis phoiblí a bheith an-íseal.
Fógra faoi Alt 12(6) de na Rialacháin
Tugtar cumhachtaí áirithe dom faoi Airteagal 12(6) maidir le hachomharc a láimhseáil. Féadfaidh mé na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Rinne mé an fhoráil sin a agairt uair amháin in 2011. Is éard atá i gceist i gcás CEI/10/0023, atá fós faoi bhun imscrúdaithe, ná iarratas chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (an Chomhairle) ar chóip iomlán den chonradh maidir le tógáil agus feidhmiú loisceoir an Phoill Bhig. Rinne m’Oifig dhá iarratas ar chóip iomlán den taifead atá i gceist chun críocha an athbhreithnithe, ach bhí imní ar an gComhairle maidir le comhaontú rúndachta. Ar deireadh, mheas mé go raibh gá fógra faoi Airteagal 12(6) a eisiúint sa chás. Chloígh an Chomhairle leis an bhfógra trí chóip iomlán den chonradh a chur ar fáil do m’Oifig sula ndeachaigh an spriocdháta in éag.
Deacrachtaí praiticiúla maidir le feidhmiú na Rialachán
Ón uair a bunaíodh í, bhí deacrachtaí praiticiúla i gceist do m’Oifig ag eascairt ó fheidhmiú an chórais um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol. Baineann fadhb amháin le hacmhainní. Cé go bhfuil Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ina oifig neamhspleách ó thaobh dlí de, go dtí seo, níl aon leithdháileadh maoinithe faighte aici ón Stát, agus tá sí ag brath go hiomlán ar na hacmhainní ar féidir iad a chur ar fáil ó na hacmhainní an-teoranta atá ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Rud eile a bhaineann leis an bhfadhb maidir le hacmhainní ná nach bhfuil aon fhoráil fhollasach sna Rialacháin faoina gceadaítear athbhreithnithe a shocrú nó a scor, rud a d’fhág go raibh gá le cinneadh foirmiúil i gcásanna áirithe fiú nuair nach raibh aon ábhar fágtha do m’Oifig le réiteach idir na páirtithe. Tagraítear thuas do dhá chás den chineál sin.
Is cúis imní dom freisin, mar a luaigh mé cheana, easpa oiliúna agus feasachta na bhfoirne in údaráis phoiblí. Deacracht ar leith atá i gceist ná go gcliseann ar údaráis phoiblí go rialta cloí leis na teorainneacha ama iomchuí a leagtar síos sna Rialacháin maidir le cinntí a eisiúint agus maidir le hiarratasóirí a chur ar an eolas i gceart maidir lena gcearta achomhairc. I measc na n-ábhar imní eile a bhaineann le láimhseáil iarratas maidir le Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ó údaráis phoiblí tá:
Bhí m’Oifig i mbun cumarsáide leis an Roinn maidir leis na hábhair sin agus maidir le cúiseanna imní eile atá agam maidir le feidhmiú na Rialachán. Tugadh faoi chuid de mo chúiseanna imní sna Rialacháin leasaithe a shínigh an tAire an 19 Nollaig 2011. Mar shampla, féadfaidh mé anois a mheas go bhfuil achomharc aistarraingthe i gcás ina gcuireann an túdarás poiblí cuid den fhaisnéis iarrtha nó an fhaisnéis iarrtha go léir ar fáil sula ndéantar cinneadh foirmiúil. I gcúinsí den chineál sin, féadfaidh mé cuid den táille achomhairc nó an táille achomhairc iomlán a tharscaoileadh nó a aisíoc.
Breithiúnais na Ard-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí
Féadfaidh aon pháirtí in athbhreithniú chuig m’Oifig, nó aon duine eile ar a bhfuil tionchar ag mo chinneadh, achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí ón gcinneadh. Rinneadh achomharc chuig an Ard-Chúirt i mí na Samhna 2011 maidir le mo chinntí in dhá chás den chineál céanna a bhain le raon an tsainmhínithe maidir le húdarás poiblí, CEI/10/0005 – an tUasal Gavin Sheridan agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, agus CEI/10/0007 – an tUasal Gavin Sheridan agus an Banc Angla-Éireannach. D‘fhonn na costais a d’fhéadfadh a bheith i gceist a laghdú, tá na himeachtaí arna dtionscnamh ag an gCorparáid Éireannach um Réiteach Banc Teoranta (an Banc Angla-Éireannach roimhe seo) curtha ar feitheamh trí mheán comhaontaithe, ar feitheamh toradh an achomhairc ón nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS). Idir an dá linn, tá achomharc GNBS liostaithe lena éisteacht an 17 Bealtaine 2012, ar feadh dhá lá.
Níor tugadh aon bhreithiúnais Ard-Chúirte in 2011 maidir le cásanna a tógadh i gcoinne chinntí m’Oifige. Tá achomharc m’Oifige chuig an gCúirt Uachtarach i gcoinne bhreithiúnas an Bhreithimh O’Neill in An Taoiseach v. An Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil (Cás CEI/07/0005) fós ar feitheamh.
Achomhairc a fuarthas
*Buníodh an Oifig ó 1 Bealtaine 2007.
Toradh achomhraic críochnaithe
*Buníodh an Oifig ó 1 Bealtaine 2007.
Iarratasóirí do CFC
*Buníodh an Oifig ó 1 Bealtaine 2007.