Oifig an Choimisinéara um Faisnéise Comhshaoil

Caibidil 2: Cinntí

Achoimre de na cinntí a rinneadh sa bhliain 2009 atá sa mhéid a leanas. Tá téacs iomlán na gcinntí sin ar ár suíomh gréasáin www.ocei.gov.ie

An Comhairleoir Tommy Cullen & An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. CEI/08/0012 Cinneadh den 27ú Deireadh Fómhair 2009

Cibé acu an raibh ceart agus cóir ag an Roinn cead rochtana a dhiúltú ar fhaisnéis chomhshaoil a bhain le dumpáil mhídhleathach i gCill Mantáin.

Cúlra

D’iarr an t-iarratasóir cead rochtana ar:

  • comhfhreagras, tuarascálacha, miontuairiscí cruinnithe, meamraim agus cumarsáid inmheánach idir an Roinn agus Comhairle Chontae Chill Mhantáin, Gníomhaireacht um Chosanta Comhshaoil (GCC), agus na páirtithe eile go léir faoi cheist na dumpála mí-dhleathaí idir 2001 agsu 2008
  • taifid, ina measc taifid de chuid Sheirbhís Iniúchóireachta an Rialtais Áitiúil (SIRÁ), maidir le ceist ceadúnais dramhaíola sa Bhaile Beag, Co. Chill Mhantáin, agus
  • cumarsáid a bhain le réiteach an Phlean Baile do Bhealach Conghlais.

D’aimsigh an Roinn roinnt mhaith comhad a bhain leis an iarraidh agus dúradar go raibh an rochtain á cheadú, ach amháin i gceist roinnt doiciméad a bhí coinnithe siar ar bhonn eisceachtaí a bhí foráilte sna Rialacháin. Tugadh cuireadh don iarratasóir féachaint ar na comhaid agus na leathanaigh ba mhian leis a chóipeáil a mharcáil. Rinne an t-iarratasóir é sin agus ina dhiaidh sin rinne sé an cinneadh a achomharc. Scaoil an Roinn ceithre thaifead breise tar éis an athbhreithnithe inmheánaigh. Rinne an t-iarratasóir an cinneadh sin a achomharc chuig m’oifige-se ar an mbonn gur chreid sé go raibh tuilleadh faisnéis fós a choinníodh siar.

Láimhseáil na Roinne ar an Scéal

Rinne an fhoireann agamsa mórchuid comhfhreagrais agus chasadar le hoifigigh na Roinne ag iarraidh a shoiléiriú cé méid faisnéise a bhí ann agus cur chuige na Roinne a scrúdú le linn dóibh a bheith ag soláthar na faisnéise sin. Mar thoradh ar fhiosruithe ón Oifig agamsa tháinig trí sraith eile de thaifid ábhartha chun solais. Dá bhrí sin d’ardaíodh ceist maidir leis na hiarrachtaí a bhí déanta ag an Roinn chun aithne cheart a chur ar gach aon saghas faisnéis a bhí ábhartha faoin reachtaíocht SF nó faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Sa chás áirithe seo theip ar na córais a bhí i bhfeidhm chun faisnéis a bhí coinnithe i rannáin difriúla a aimsiú.

Dúirt an Roinn go raibh comhad iniúchóireachta amháin nár aimsíodh. Dúradar nach ndearnadh aon chuardach ar sin tráth an chéad iarratais mar cheapadar go raibh an iniúchóireacht díolmhaithe. Is léir go raibh sé mí-cheart an dearcadh sin a thógáil gan an fhaisnéis a scrúdú agus leas an phobail i leith a scaoilte a mheá. Bhain an comhad le Seirbhís Iniúchóireachta an Rialtais Áitiúil (SIRÁ), le scrúdú a rinneadar ar eisiúint cheadúnais dramhaíola le haghaidh tailte sa mBaile Beag. Thug an fhoireann agamsa le fios don Roinn go raibh taifid leictreonacha mar chuid den réimse a thuigtear le “faisnéis faoin gcomhshaol” agus dá mbeadh aon chuid den chomhad i bhfoirm leictreonach, thitfeadh sin freisin laistigh de scóip an achomhairc. D’aimsíodh iar sin dréacht leagain de thuarascáil SIRÁ agus chuireadh chuig m’oifig é. D’áitigh an Roinn go raibh an dréacht tuarascála seo díolmhaithe ó scaoileadh.

Bhain cúram eile le leibhéal an mhachnaimh ar an iarraidh a rinne lucht na gcinntí sa Roinn faoi na Rialacháin. Go háirithe, loic an céad cinneadh agus cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh ar na Rialacháin agus Treoirlínte foilsithe na Roinne féin a chomhlíonadh toisc gur fágadh ar lán an breithniú éigeantach a bhí le déanamh ar leas an phobail le linn don rochtain ar fhaisnéis.a bheith á dhiúltú.

Fionnachtana

Ar scaoileadh an fhaisnéis go léir a bhí ar choimeád?

Éilíonn airteagal 7(5) de na Rialacháin ar chomhlacht poiblí a chur in iúl don iarratasóir mura bhfuil an fhaisnéis go léir atá á lorg ina seilbh acu. Níl riachtanas ar bith taifid a chruthú as an nua mura bhfuil a leithéidí ann nó murar féidir a leithéidí a aimsiú. Bhain mé an chonclúid tar éis próisis fhada achomhairc, go raibh, de réir gach dóchúlacht, go leor cuardaigh déanta ar fud rannán éagsúla na Roinne agus nach raibh faisnéis mí-threorach tugtha ag oifigigh go dtí m’fhoireann-se mar gheall ar thaifid breise a bheith fós ar choimeád. Cé go mba léir go raibh dearbh-thuairim ag an iarratasóir go gcaithfeadh tuilleadh faisnéise a bheith ann, níor ghá gurb ionann sin ag a rá go raibh a leithéid ann dáiríre.

Pribhléid Ghairmiúil Dhlíthiúil

Maidir le cuid de na taifid ar éiligh an Roinn díolúine orthu, d’fhionn mé go mbeidís cáilithe le haghaidh pribhléide gairmiúla dlíthiúla. Ach, mar sin féin, ba ghá smaoineamh ar leas an phobail faoi Airteagal 10 de na Rialacháin. D’áitigh an t-iarratasóir go raibh an leas poiblí i bhfabhar na faisnéise a scaoileadh. Ach, bhí an leas phoiblí sean-bhunaithe láidir ann freisin ar son na pribhléide gairmiúla dlíthiúla a chosaint de réir mar a shainmhínigh na Cúirteanna í. Bhí an leas poiblí sin le cur sa mheá freisin. Ní mór d’údaráis poiblí a bheith go réasúnta cinnte go mbíonn comhairle dlí ar fáil acu go hiomlán, go muiníneach agus go soiléir. Sa mhéid nach féidir liom cur síos mion a dhéanamh ar an gcomhairle a bhí i gceist, tig liom a rá gur bhain na taifid go príomha le cumhachtaí dlíthiúla an Aire, le comhairle ó Oifig an Ard-Aighne agus le cumarsáid rúnda idir an Roinn agus comhairleoirí dlíthiúla na Roinne ag glacadh/tabhairt comhairlí uathu. Níor cheap mé go raibh an leas poiblí a bhí ar thaobh an scaoilte, bíodh go raibh sé láidir, láidir go leor chun an phribhléid dhlíthiúil ghairmiúil a chur i leataobh. Chinn mé go raibh an fhaisnéis i dtaifid áirithe díolmhaithe go cóir ó bheith scaoilte faoi bhun Airteagail 8(a)(iv) de na Rialacháin.

Bhí roinnt eile taifead i bhfoirm meanram inmheánacha, nach raibh scríofa ag comhairligh dlíthiúla gairmiúla agus nach comhairle dhlíthiúil a bhí mar ábhar iontu go léir. Ní raibh comhartha ar bith ann gur ullmhaíodh iad seo go príomha le haghaidh cúrsaí dlíthíochta agus d’fhionn mé nár cháiligh cuid acu i gcomhair na pribhléide dlíthiúla gairmiúla. Chomh maith, d’éiligh an Roinn pribhléid le haghaidh comhfhreagrais le Coimisiún an Phobail Eorpaigh agus tar éis scrúdú mion a dhéanamh ar na tosca inar chruthaíodh na taifid seo agus cásanna na Cúirte Breithiúnais Eorpaí (CBE) a bhí luaite ag an Roinn, ní raibh mé sásta gur ullmhúchán le haghaidh dlíthíochta a bhí mar phríomh-chuspóir le cruthú na dtaifead seo ach oiread.

Rúndacht na n-Imeachtaí

Dúirt an Roinn go raibh ábhar i roinnt de na taifid a choinníodh siar a tugadh faoi
rún. Ba dhóigh liomsa go raibh aitheantais na ndaoine a luadh sna taifid agus nádúr
na líomhaintí sa bhfearann poiblí cheana féin. Níor sholáthair an Roinn go leor
fianaise leis an seasamh a bhí acu a chosaint ionas go bhfaighinn a dhéanamh amach
gur soláthraíodh an fhaisnéis ar an gcoinníoll go gcoimeádfaí faoi rún í, nó i gcúinsí
éigin a chuirfeadh oibleagáid rúndachta i bhfeidhm. Thairis sin, forálann Airteagal
10(3) do léirmhínithe shriantaigh a chur ar an mbonn le diúltú a thabhairt. Bhain
mé an chonclúid as nach ndéanfadh nochtadh na faisnéise aon dochar do rúndacht
imeachtaí na gcomhlachtaí poiblí i gcás go mbeadh cosaint dlí eile ar an rúndacht
chéanna. Ní dhéanfaí, ach chomh beag, aon dochar do leas aon tsoláthraí den
fhaisnéis sin. D’fhionn mé nár bhain le hábhar na díolúintí faoi Airteagal 8(a)(ii) agus
8(a)(iv).

Seirbhís Iniúchóireachta an Rialtais Áitiúil (SIRÁ)

Dhiúltaigh mé d’áitiú na Roinne nár fhaisnéis chomhshaoil a bhí sa tuarascáil iniúchóireachta. Ní chóir go mbeadh sé orm an sainmhíniú ar “fhaisnéis chomhshaoil”, mar a leagadh amach sa Treoir agus sna Rialacháin í, a chur i gcuimhne don Roinn. Níl amhras dá laghad ann ná go dtagann cúrsaí a bhaineann le ceadúnas dramhaíola isteach faoin sainmhíniú sin. D’áitigh SIRÁ, thar cheann na Roinne, go raibh an tuarascáil a rinneadar díolmhaithe ó scaoileadh faoi Airteagail 8(a)(iv) agus 9(2)(c) de na Rialacháin.

Thagair SIRÁ d’fhorálacha Achta an Rialtais Áitiúil 2001 maidir le neamhspleáchas feidhme na h-iniúchóireachta. Ach, d’fhionn mé nach raibh rud ar bith nochta sa dréacht tuarascála faoi neamhspleáchas na seirbhíse iniúchóireachta ná faoina cuid modheolaíochta agus iad ag déanamh iniúchtaí ‘luach-ar-airgid’ ná feidhmeanna scrúdúcháin eile a dhéanfadh dochar, nó cur isteach i slí theagmhasach ar bith, le bun-phrionsabal ‘neamhspleáchais an iniúchóra’. Mar an gcéanna, theip ar an Roinn a áitiú ormsa go mbainfeadh cead rochtana ar na taifid an bonn ar dhóigh ar bith ón bprionsabal atá ag iniúchóirí a ndiscréid féin a oibriú maidir leis an gcuma a théitear i mbun iniúchta a dhéanamh.

D’áitigh an Roinn freisin gur faisnéis a bhí sa dréacht tuarascála SIRÁ a bhí fós gan críochnú nó gur doiciméad neamhchríochnaithe a bhí inti. Bíodh is gur réitíodh an dréacht tuarascála sa bhliain 2005, gur cosúil gur cailleadh an comhad agus go raibh litir curtha chuig an Aire sa bhliain 2005 a chuir síos ar thuairim SIRÁ faoin scéal, níor thuig mé cén chaoi a mheasfaí go raibh an dréacht tuarascála fós i mbun a chríochnaithe. Ní raibh lua ar bith faoina thuilleadh gníomhaíochta maidir le seo ag SIRÁ ó 2005 i leith. D’fhionn mé nár bhain an díolúine faoi Airteagal 9(2)(c) le hábhar.

Dúirt mé go raibh sé chun leasa láidir an phobail fios a chur ar fáil faoi líomhaintí a bhaineann an gcaoi a bhainistítear an dramhaíl agus an chaoi a dhéantar na ceadúnais a riaradh agus an ceist iomlán faoin tslí a láimhseáiltear an truailliú agus an dumpáil. Chinn mé, toisc gur imigh an comhad SIRÁ i bhfolach de réir dealraimh gan míniú ar bith, gur mhéadaigh sin ar chúis an leasa phoiblí go scaoilfí an oiread eolais agus ab fhéidir chun go mbeadh a fhios ag an bpobal cérbh iad na bearta a bhí déanta chun na líomhaintí a fhiosrú.

Cinneadh an Achomhairc

D’athraigh mé cinneadh na Rinne agus d’ordaigh mé míreanna áirithe d’fháisnéis chomhshaoil a chur ar fáil.

An tUas. P. Geoghegan & An Ghníomhaireacht Chosanta Chomhshaoil (GCC) CEI/09/0004 Cinneadh den 28ú Deireadh Fómhair 2009

Cibé acu an raibh an GCC ceart agus cóir cead rochtana a dhiúltú ar fhaisnéis chomhshaoil a bhain le gearáin a rinneadh faoi Auginish Alumina

Cúlra

D’iarr an t-iarratasóir cead rochtana ar thuarascáil a rinne cigire de chuid an GCC in ndiaidh cuairt ar thailte an iarratasóra i Mí na Márta 2008, maille le faisnéis agus sonraí faoin measúnú a rinneadh ar gearáin éagsúla uaidh mar gheall ar eisilte ó Auginish Alumina. Ba é an cinneadh a rinne an GSS ná an t-iarraidh a dhiúltú i bpáirt faoi Airteagal 4(1) de na Rialacháin ar an mbonn nár bhain le Rialacháin le faisnéis a bhí faoi cheangal a bheith scaoilte cheana féin don phobal le haghaidh iniúchta nó eile faoi staid reachtúil ar bith. Dúradar leis an iarratasóir féachaint ar na comhaid poiblí ábhartha agus tugadh cead rochtana freisin ar 21 taifead nach raibh ar na comhaid poiblí. Tar éis an athbhreithnithe inmheánaigh rinne an t-iarratasóir achomharc chuig an Oifig seo ar bhonn na faisnéise a diúltaíodh.

Seasamh an GCC

Dúirt an GCC go raibh an oibleagáid orthu cead rochtana ar a gcuid comhad ceadúnaithe a thabhairt faoi Rialacháin (Ceadúnaithe) na Gníomhaireachta Cosanta Comhshaoil 1994 (Ionstraim Reachtúil Uimh. 85, 994) mar a leasaíodh ag I.R. 76, 1995. Chuir scrúdaitheoir m’oifige i gcuimhne dóibh gur bhain an t-ábhar a sonraíodh sna Rialacháin le hiarratais ar cheadúnais amháin. Ghlac an GCC le seo agus mhínigh siad go raibh an fhaisnéis faoi ghearáin ar an gcomhad poiblí mar shocrú riaracháin agus ní de bhun aon cheangaltais reachtúil.

Bhí m’oifig sásta nár bhain Airteagal 4(1) de na Rialacháin le hábhar. Ansin rinne an
GCC an aighneacht gurb í an fhoráil a bhí ábhartha ná Airteagal 7(3) a dhéileálann
le foirm rochtana na faisnéise. Rinneadar an fhaisnéis a bhí faoi scóip an iarrata
agus a bhí insroichte ar chomhaid poiblí a aithint agus a chur ar sceideal. Shoiléirigh
siad nach raibh taifead ar bith ar choimeád i ndáil le codanna áirithe den iarraidh
agus go raibh an fhaisnéis ar fad a bhí ar choimeád faoi na gearáin curtha ar fáil.

Fionnachtana

D’fhionn mé gur thug Airteagal 7(3)(a) de na Rialacháin cead don GCC gan cead rochtana a thabhairt don iarratasóir ar chóipeanna den fhaisnéis i gcás nuair a bhí teacht go héasca uirthi cheana féin go poiblí. D’fhionn mé freisin gur bhain Airteagal 7(5) le faisnéis nach raibh i seilbh an GCC. Thuairimigh mé gur éirigh iomrall as láimhseáil an iarrata sa mhéid go raibh tuiscint le baint as gnásanna foilsithe an GCC chun radhairc a fháil ar na comhaid, go raibh gearáin a bhainfeadh le háis áirithe, maille le gach comhfhreagras um fhorfheidhmiú na gceadúnas, ar fáil. Ach, áirithe sna 21 taifead a scaoileadh chuig an iarratasóir sa chás seo bhí comhfhreagras agus meamraim inmheánacha nach raibh sa chomhad poiblí. Níor mheas mé gur rún ar bith a bhí anseo chun eolais a cheilt ach gur chuir sé méar ar an ngá a bhí ann na tosca a mhíniú don phobal nuair nár ghá go mbeadh na taifid a bhainfeadh le gearáin ar fáil ar chomhaid poiblí an GCC i gcónaí.

Cinneadh an Achomhairc

D’fhionn mé go raibh an ceart ag an GCC an t-iarraidh a dhiúltú i bpáirt; d’athraigh mé bonn an chinnidh d’fhonn forálacha cruinne na Rialachán a léiriú.