Baile  /  Foilseacháin  /  Scéim Um Fhoilsiú
 

ASF Scéim Um Fhoilsiú

SCÉIM UM SHAORÁIL FAISNÉISE A FHOILSIÚ D’OIFIG AN CHOIMISINÉARA UM FHAISNÉIS COMHSHAOIL

Íoslódáil
OCFC Scéim um Shaoráil Faisnéise a Fhoilsiú.pdf (size 610.2 KB)

Brollach

Foilsíodh an Scéim um Fhoilsiú seo a leanas faoi alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Tagann an Scéim in éifeacht an 14 Aibreán 2016. Is é an aidhm atá léi ná an soláthar faisnéise a éascú a mhéid is féidir, seachas faisnéis atá díolmhaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Is Gréasánbhunaithe atá an Scéim agus cuimsíonn sí naisc chuig ábhar tagartha ar ár suíomh Gréasáin, rud a nuashonrófar mar a fhoráiltear dó faoin Acht. Cuirfear cóip chrua ar fáil lena léamh ach coinne a dhéanamh.

A.  Faisnéis faoi Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil

Cé sinn agus cad a dhéanaimid

Is é príomhfheidhm Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ná athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna a thug údaráis phoiblí faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007 go 2014 (na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) (Féach “Maidir le Faisnéis Comhshaoil”).

Bunú

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (an Oifig) le hairteagal 12(1) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007. (Féach “Faoin Oifig”)

Is é an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil (an Coimisinéir) an sealbhóir oifige.  Tá an Coimisinéir i seilbh oifige de bhua Airteagal 12(2) de na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, rud lena bhforáiltear gurb é sealbhóir Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OIC) sealbhóir Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil freisin.  (Féach “Faoin Choimisinéir”)

Ról agus freagrachtaí

Leagtar ról reachtúil na hOifige amach i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2014.  (Féach “Réachtaíocht”)  Leis na Rialacháin sin, tugtar éifeacht in Éirinn do Threoir 2003/4/CE ón Aontas Eorpach, treoir lena gcinntítear an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil atá i seilbh údaráis phoiblí nó atá i seilbh comhlachta thar a gceann.  Tá an Oifig freagrach as oibriú éifeachtúil na meicníochta neamhspleáiche achomhairc a soláthraítear leis na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol.

I dtaca le freagrachtaí Saoráil Faisnéise, tá an Oifig ina comhlacht atá eisiata go páirteach chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (an tAcht um Shaoráil Faisnéise) (dá bhforáiltear i Sceideal 1, alt 6, Cuid 1 den Acht sin). 

Agus í ag comhlíonadh a cuid feidhmeanna faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, tá an Oifig eisiata ó bheith faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise “seachas a mhéid a bhaineann sé le taifid a bhaineann le riar ginearálta na bhfeidhmeanna sin”.

Fágann sé sin nach gceanglaítear leis an dlí taifid i seilbh na hOifige a bhaineann le hachomhairc shonracha (seachas taifid a bhaineann le riar ginearálta fheidhmeanna na hOifige) a chur ar fáil.

Feidhmeanna an Choimisinéara

De réir na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, is iad seo feidhmeanna an Choimisinéara:

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna a thug údaráis phoiblí ar iarrataí ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol.
  • An bhreith lena mbaineann a dhearbhú, a neamhní nó a athrú.
  • Ceangal a chur, nuair is cuí, ar an údarás poiblí faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil don iarratasóir.

Taifid atá i seilbh na hOifige

Tagann an raon taifead atá i seilbh na hOifige faoi na catagóirí leathana seo a leanas (d’fhéadfadh forluí de phointe éigin a bheith ann):

Taifid Riaracháin Inmheánaigh

  • Treoirlínte agus Ciorcláin ón Státseirbhís/ón tSeirbhís Phoiblí.
  • Óráidí agus Láithreoireachtaí arna dtabhairt ag an gCoimisinéir/foireann na hOifige.
  • Liosta de theagmhálacha um iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol in údaráis áitiúla.
  • Nótaí agus miontuairiscí chruinnithe an lucht bainistíochta agus doiciméid ghaolmhara.
  • Taifid a bhaineann le tuarascálacha a fhoilsiú e.g. an tuarascáil bhliantúil.
  • Bainistíocht shuíomh Gréasáin na hOifige.
  • Bainistíocht athbhreithnithe cásanna.
  • Staitisticí faoi athbhreithnithe cásanna.
  • Fiosruithe ginearálta agus comhfhreagras ginearálta.

Tabhair faoi deara: Tá taifid phearsanra, taifid chuntasaíochta, an clár sócmhainní agus taifid faoi chlúdach na meán i seilbh Oifig an Ombudsman thar ceann Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil.

Beartas

  • Taifid faoi chumarsáid leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
  • Taifid faoi bheartas inmheánach.

Reachtaíocht agus ábhair ghaolmhara

  • Taifid faoi chumarsáid leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Treoracha/Treoirlínte Foirne

  • Taifid faoi nósanna imeachta inmheánacha.

Imscrúduithe agus Athbhreithnithe arna ndéanamh ag an gCoimisinéir

  • Cástaifid, lena n-áirítear taifid faoi chumarsáidí le húdaráis phoiblí, le hachomharcóirí agus le tríú páirtithe.
  • Aighneachtaí arna ndéanamh ag údaráis phoiblí, ag achomharcóirí agus ag tríú páirtithe.
  • Taifid faoi chomhairle dlí a iarradh agus a fuarthas.
  • Cinntí an Choimisinéara.
  • Taifid eile a bhaineann le himscrúduithe agus le hathbhreithnithe, lena n-áirítear sonraí socraithe, sonraí faoi dhúnadh cásanna, imscrúduithe, anailís agus ráitis arna dtabhairt ag oifigigh na hOifige.

Socruithe Rialachais agus Bainistíochta

Is neamhspleách atá an Coimisinéir agus é ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna.   Cuimsíonn an lucht ardbhainistíochta an Coimisinéir, an tArd-Stiúrthóir agus Imscrúdaitheoir Sinsearach.   

Tá an Oifig seo tiomanta do struchtúir, do phróisis agus do chórais den dea-chleachtas a thacaíonn le feidhmiú rathúil a dualgas ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Is féidir sonraí faoi shocruithe rialachais na hOifige a fháil i ndoiciméad a Creata Rialachais Chorparáidigh, doiciméad ina leagtar amach na córais, na prionsabail agus na próisis trína ndéantar an Oifig a threorú agus a rialú.

Pleananna Corparáideacha agus Straitéisí Corparáideacha

Tá Beartais agus Straitéisí na hOifige ar fáil tríd an Nasc seo

Cuireann an Oifig le mór-Ráiteas Straitéise Oifig an Ombudsman (a bhfuil an Oifig lonnaithe ina teannta) agus treoraítear í leis an Ráiteas sin.  Tá cóip den Ráiteas sin ar fáil tríd an Nasc seo.   

Tuarascáil Bhliantúil

Foilsíonn an Oifig tuarascálacha bliantúla.  Is féidir na tuarascálacha bliantúla sin a fháil sna háiteanna seo a leanas:

  • An Oifig ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
  • Ar ár suíomh Gréasáin ag Tuarascálacha Bliantúla.
  • Oifig Foilseachán an Rialtais.  Cuireann an Oifig sin Seirbhís Trádála Poist ar fáil.  Is é seoladh na hOifige: Oifig na nOibreacha Poiblí, Foilseacháin an Rialtais, 52 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2. Glactar le horduithe thar an teileafón, trí ríomhphost agus tríd an bpost.  Bíonn Ionad Glaonna ar oscailt idir 09.30 agus 13.00 agus 14.00 agus 17.00 Luan go hAoine chun cabhrú le glaoiteoirí agus chun glacadh le híocaíochtaí ordaithe le cárta, le seic nó le hordú poist.  Tá seoladh tiomnaithe ríomhphoist ann freisin agus tabharfar freagra ar gach ceist ar an gcéad lá oibre eile.  Teil.: 01 647 6834 nó seol ríomhphost chuig publications@opw.ie

Struchtúr Eagrúcháin

Foráiltear le hAirteagal 12(10) de na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol go bhfaighidh an Coimisinéir cúnamh ó fhoireann Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus, dá bhrí sin, ó acmhainní eile a d’fhéadfadh a bheith ar fáil don oifig sin ó am go chéile.  Cuimsíonn struchtúr na hOifige an lucht ardbhainistíochta agus imscrúdaitheoirí sinsearacha.  Is é an tAonad Tacaíochta in Oifig an Choimisinéara Faisnéise a chuireann tacaíocht ar fáil.

Eagrúchán

An Coimisinéir:          Peter Tyndall  

An tArd-Stiúrthóir:    Jacqui McCrum

Imscrúdaitheoir Sinsearach: Elizabeth Dolan, Píomhoifigeach

Imscrúdaitheoirí:        2 Phríomhoifigeach Chúnta

Foireann Tacaíochta:  Tugann foireann an Aonaid Tacaíochta in Oifig an Choimisinéara Faisnéise (a chuimsíonn Ardoifigeach Feidhmiúcháin amháin, beirt Oifigeach Feidhmiúcháin agus triúr Oifigeach Cléireachais) cabhair don Oifig, go háirithe trí phróiseáil tosaigh a dhéanamh ar achomhairc nuafhaighte (lena mbailíochtú agus le glacadh go foirmiúil leo).  

Grádú Pá

Feidhmíonn an Coimisinéir mar Ombudsman agus mar Choimisinéir Faisnéise freisin. Chomh maith leis sin, tá sé ina chomhalta de bhrí oifige den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, den Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, den Choimisiún Reifrinn agus den Choimisiún um Thoghlaigh.  Tá a thuarastal coibhéiseach le tuarastal Ard-Rúnaí III sa Státseirbhís.

Mar an gcéanna, gníomhaíonn an tArd-Stiúrthóir d’Oifig an Ombudsman agus d’Oifig an Choimisinéara Faisnéise.  Is ionann a tuarastal agus tuarastal Rúnaí Chúnta sa Státseirbhís.

Freastalaíonn an tImscrúdaitheoir Sinsearach ar Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus ar Oifig an Ombudsman freisin.

Is féidir scálaí tuarastail státseirbhíseach a fháil sna ciorcláin atá ar fáil ag na naisc seo a leanas:

Tuarastail ó Ard-Rúnaí go Príomhoifigeach Cúnta

Tuarastail ó Oifigeach Riaracháin (AO) go hOifigeach Cléireachais (CO)

Tuarastal Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO)

Láthair na hOifige

Tá an Oifig suite i dteannta Oifig an Ombudsman ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. 

Sonraí teagmhála

Fiosruithe Ginearálta

Is féidir iarrataí ar fhaisnéis a dhéanamh ar cheann ar bith de na bealaí seo a leanas, de réir mar is cuí:

Post: Oifig an Choimisinéara um Faisnéise Comhshaoil, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 HE97.

Teileafón: +353-1-639 5689 (luaigh go mbaineann do ghlao le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil agus iarr cead le labhairt leis an Aonad Tacaíochta)

Íosghlao: 1890 253 238

Facs: +353-1-639 5674 nó +353-1-639 5676 (scríobh “Le haghaidh Oifig an Choimisinéara um Faisnéise Comhshaoil” ar do theachtaireacht)

Ríomhphost: info@ocei.ie

Uaireanta Oscailte: 9.15 am go 5.00pm, Luan go Déardaoin agus 9.15 am go 5.00 pm ar an Aoine.

Ceisteanna ó na Meáin

Déan teagmháil le David Nutley, Cumarsáid, Oifig an Ombudsman

Teil.: 01 639 5610 nó 086 023 1420

Ríomhphost: david.nutley@ombudsman.ie

Cairt Chustaiméirí

Tá an Chairt Seirbhíse do Chliaint ó Oifig an Ombudsman glactha ag an Oifig. Tá an doiciméad sin ar fáil ag Cairt Seirbhíse do Chliaint.

Cód Cleachtais

Tá baill foirne na hOifige ina státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit agus, dá bhrí sin, tá siad faoi cheangal ag Cód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse.

B.  Seirbhísí a Sholáthraítear don Phobal

An tseirbhís a sholáthraímid 

Gníomhaíonn an Oifig mar chomhlacht achomhairc do dhaoine atá míshásta le freagra a thug údaráis phoiblí ar iarrataí ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.

Conas is féidir ár seirbhís a rochtain

Is féidir achomhairc a dhéanamh ar líne ach úsáid a bhaint as ár suíomh Gréasáin ag “Achomharc a Dhéanamh”.  Mar mhalairt air sin, is féidir achomhairc a sheoladh sa phost chuig ár seoladh poist nó trí ríomhphost chuig info@ocei.ie. Tabhair faoi deara nach bhféadfar glacadh le hiarratais ach amháin má dhéantar iad de réir na riachtanas incháilitheachta agus nós imeachta a leagtar amach sna Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol.

Mar riail ghinearálta, is gá achomhairc a thionscnamh tráth nach déanaí ná mí amháin ón uair a fuarthas cinneadh an údaráis phoiblí ar an athbhreithniú inmheánach, nó, i gcásanna nár cuireadh cinneadh ar bith in iúl, is gá achomharc a thionscnamh tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta ar a rabhthas riachtanach cinneadh den sórt sin a chur in iúl don iarratasóir.

Tá rogha ag an gCoimisinéir an tréimhse ama le haghaidh achomharc a thionscnamh a shíneadh i gcásanna ina bhfuil sé sásta, in imthosca an cháis, go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh. 

An costas a ghearrtar i leith ár seirbhís a rochtain

Foráiltear le hAirteagal 15(3) de na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol go ngearrfar táille €50 as achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir (faoi réir fho-airteagal (4)). 

Foráiltear le fo-airteagal (4) gurb é €15 an táille a ghearrfar i gcás duine a shealbhaíonn cárta leighis, cleithiúnaí le duine a shealbhaíonn cárta leighis nó duine seachas an t-iarratasóir a d’inchoireofaí dá nochtfaí an fhaisnéis comhshaoil lena mbaineann.  

Foráiltear le hAirteagal 15(5) go bhféadfaidh an Coimisinéir táillí a tharscaoileadh nó a aisíoc i gcásanna áirithe. 

An ceart chun achomharc a dhéanamh maidir leis an tseirbhís a sholáthraímid

Foráiltear le hAirteagal 13 do cheart achomhairc chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí a tháinig as cinneadh de chuid an Choimisinéara.  Féadfaidh páirtí san achomharc (is é sin, páirtí san achomharc chuig Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis ba chúis le cinneadh an Choimisinéara) nó aon duine eile a dtéann an cinneadh i bhfeidhm air achomharc den sórt sin a dhéanamh.  Is gá achomharc a thionscnamh tráth nach déanaí ná 2 mhí ón uair a tugadh fógra faoin gcinneadh don duine atá ag déanamh an achomhairc.

C. An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais

Conas a dhéanann an Oifig cinntí 

Comhlacht athbhreithnithe is ea an Oifig agus ní dhéanann sí mórthograí beartais.

Tugann an Coimisinéir ráitis faoi thograí beartais ábhartha ó am go chéile, áfach.

Faisnéis Airgeadais

An t-airgead a chaithimid

Cistítear an Oifig faoin vóta a leithdháiltear ar Oifig an Ombudsman.

Féach anseo le haghaidh an Cuntas Leithreasa is déanaí foilsiú a fheiceáil.

Soláthar

Conas a chaitheann an Oifig airgead

Tá cóip dár bPlean Soláthair Chorparáidigh 2014 - 2016 ar fáil anseo.

D.    Loga Nochta Saoráil Faisnéise agus Faisnéis eile is gá a Fhoilsiú mar Chúrsa Gnáthaimh

Loga Nochta Saoráil Faisnéise

Níl aon iarrataí Saoráil Faisnéise faighte ag an Oifig ó mhí Eanáir 2015 i leith.

Iarrataí Saoráil Faisnéise ar an Oifig

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá gach duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal ar shlí eile.  Tríd is tríd, tá duine i dteideal na nithe seo a leanas:

  1. Rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na hOifige.
  2. Go gceartófaí faisnéis phearsanta, a bhaineann leis féin, agus atá i seilbh na hOifige, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach.
  3. Rochtain a fháil ar chúiseanna le breitheanna a thug an Oifig agus a chuaigh i bhfeidhm go díreach air.

Ní faoi raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise a thagann gach taifead atá i seilbh na hOifige.  Tá an Oifig ina comhlacht atá eisiata go páirteach chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (an tAcht um Shaoráil Faisnéise) (dá bhforáiltear i Sceideal 1, alt 6, Cuid 1 den Acht sin).  Fágann sé sin nach gceanglaítear leis an dlí taifid i seilbh na hOifige a bhaineann le hachomhairc shonracha (seachas taifid a bhaineann le riar ginearálta fheidhmeanna na hOifige) a chur ar fáil.

Ba cheart iarrataí Saoráil Faisnéise a bhaineann le taifid na hOifige a sheoladh chuig:


Damien Cahill

Oifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise
Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: +353-1-639 5729 Facs: (01) 6395676   Ríomhphost: foi@oic.ie

Ba cheart iarrataí a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart a shonrú iontu go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.  Ba cheart an fhoirm a bhfuiltear ag iarraidh na taifid a fháil inti – e.g. fótachóipeanna/diosca – a lua san iarraidh freisin.  Ionas go mbeifear in ann na taifid atá á n-iarraidh a shainaithint, ba cheart d’iarrthóirí cur síos atá chomh mionsonraithe agus is féidir a dhéanamh ar na taifid.  Más féidir é, ba cheart uimhir theagmhála is féidir a úsáid le linn uaireanta oifige a sholáthar ionas go mbeifear in ann na sonraí faoi iarraidh Saoráil Faisnéise a shoiléiriú.  Cabhróidh foireann na hOifige le hiarraidh Saoráil Faisnéise a chur le chéile, más gá. 

Admhóidh an Oifig iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise laistigh de dhá sheachtain ón iarraidh sin a fháil.  Luafar san admháil sin go mbeidh sé de cheart ag an iarrthóir athbhreithniú inmheánach ar an mbreith a iarraidh sa chás nach mbeidh sé sásta leis an mbreith Saoráil Faisnéise a eisíodh.  Eiseofar an bhreith laistigh de cheithre seachtaine.

An Ceart chun Athbhreithniú Inmheánach ar Bhreith

Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise do cheart chun athbhreithniú inmheánach ar bhreitheanna comhlachtaí poiblí.  Féadfar athbhreithniú inmheánach a iarraidh i gcásanna inar diúltaíodh d’iarraidh Saoráil Faisnéise nó inar deonaíodh go páirteach í agus i gcásanna inar iarchuireadh rochtain.  Is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh freisin i gcásanna ina bhfuil aighneas faoin bhfoirm rochtana nó faoi leibhéal na dtáillí a ghearrtar.  Meastar gur diúltaíodh d’iarraidh Saoráil Faisnéise i gcásanna nár eisíodh breith laistigh de cheithre seachtaine ón iarraidh Saoráil Faisnéise a fháil.

Ba cheart iarrataí ar athbhreithniú inmheánach ar bhreitheanna na hOifige a dhéanamh i scríbhinn chuig:


Damien Cahill

Oifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise
Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Teileafón: +353-1-639 5729  Facs: (01) 6395676   Ríomhphost: foi@oic.ie

Cinnteoidh sí gurb é oifigeach atá ag leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a thug an bhreith bhunaidh Saoráil Faisnéise a dhéanfaidh an t-athbhreithniú.  Ba cheart iarraidh den sórt sin a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón mbreith bhunaidh a fháil.  Is gá an bhreith tar éis athbhreithniú inmheánach a eisiúint laistigh de thrí seachtaine ón iarraidh a fháil. 

Faisnéis arna foilsiú ag an Oifig

Tuarascálacha Bliantúla

Is féidir tuarascálacha bliantúla a fháil sna háiteanna seo a leanas:

  • An Oifig ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
  • Ar ár suíomh Gréasáin ag Tuarascálacha Bliantúla.
  • Oifig Foilseachán an Rialtais.  Cuireann an Oifig sin Seirbhís Trádála Poist ar fáil.  Is é seoladh na hOifige: Oifig na nOibreacha Poiblí, Foilseacháin an Rialtais, 52 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2. Glactar le horduithe thar an teileafón, trí ríomhphost agus tríd an bpost.  Bíonn Ionad Glaonna ar oscailt idir 09.30 agus 13.00 agus 14.00 agus 17.00 Luan go hAoine chun cabhrú le glaoiteoirí agus chun glacadh le híocaíochtaí ordaithe le cárta, le seic nó le hordú poist.  Tá seoladh tiomnaithe ríomhphoist ann freisin agus tabharfar freagra ar gach ceist ar an gcéad lá oibre eile.  Teil.: 01 647 6834 nó seol ríomhphost chuig publications@opw.ie

Foilseacháin eile

Déantar nuacht, preaseisiúintí, óráidí agus ailt a fhoilsiú ó am go chéile freisin ar shuíomh Gréasáin na hOifige ag Nuacht.

Chomh maith leis sin, foilsíonn an Oifig cinntí a rinne an Coimisinéir ar a suíomh Gréasáin ag Cinntí agus foilsíonn sí breithiúnais chúirte ar achomhairc a rinneadh in aghaidh chinntí an Choimisinéara ag Achomhairc chuig na Cúirteanna.

Faisnéis a iarrtar go rialta agus atá i seilbh na hOifige

Baineann an chuid is mó d’iarrataí ar fhaisnéis ón Oifig le hiarrataí ar fhaisnéis faoi conas achomharc a dhéanamh.  Faigheann daoine atá ag déanamh iarrataí den sórt sin cabhair ó bhaill foirne an Aonaid Tacaíochta agus insítear dóibh (más cuí) gur féidir leo tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh Gréasáin na hOifige ag “Achomharc a Dhéanamh”.

Iarrataí ar fhaisnéis faoi conas a phróiseáiltear gearáin atá i roinnt bheag iarrataí. Arís, faigheann daoine atá ag déanamh iarrataí den sórt sin cabhair agus insítear dóibh (más cuí) gur féidir leo tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh Gréasáin na hOifige ag Lámhleabhar Nósanna Imeachta an OCEI.

Suíomh Gréasáin

Coimeádann an Oifig suíomh Gréasáin ar bun ag www.ocei.ie ar a soláthraítear faisnéis faoi na nithe seo a leanas:

  • An Coimisinéir.
  • An Oifig.
  • Faisnéis Comhshaoil.
  • Reachtaíocht.
  • Beartais agus straitéisí na hOifige.
  • Conas teagmháil a dhéanamh leis an Oifig.
  • Conas achomharc a dhéanamh.
  • Nuacht, preaseisiúintí, óráidí agus ailt.
  • Breitheanna, lena n-áirítear saoráid chun breitheanna a chuardach agus breitheanna iomlána a rochtain.
  • Achomhairc chuig na Cúirteanna.
  • Foilseacháin.

Chomh maith leis sin, soláthraítear saoráid ar an suíomh Gréasáin le haghaidh achomharc a dhéanamh chuig an Oifig agus táille an achomhairc a íoc ar líne.