Baile  /  Eolas Fúinn   /  Beartais agus straitéisí  /  Sheirbhísí Inrochtana  /  Gearán a dhéanamh maidir le teip an tAcht um Míchumas 2005 a chomhlíonadh
 

Gearán a dhéanamh maidir le teip an tAcht um Míchumas 2005 a chomhlíonadh

De réir alt 38 den Acht, féadfaidh duine gearán a dhéanamh leis an Oifigeach Pearsanra den eagraíocht seo, má mheasann sé / sí gur theip ar an eagraíocht ailt 25, 26, 27 nó 28 de Acht a chomhlíonadh. Tar éis dó nó di gearán a fháil, cuirfidh an tOifigeach Pearsanra an scéal ar aghaidh chuig oifigeach fiosrúcháin.

De réir alt 39(1) den Acht, tá Mary Bryne, Uas. agus Phyllis Flynn, Uas. ceaptha mar oifigigh fhiosrúcháin don eagraíocht. De réir alt 39(2) den Acht, tá nósanna imeachta curtha le chéile ag an eagraíocht d'oifigigh fhiosrúcháin agus iad ag imscrúdú gearán. Tá na nósanna imeachta seo de réir mar a leagtar amach thíos.


Nósanna Imeachta d'Oifigigh Fhiosrúcháin faoin Acht um Míchumas 2005

Reáchtáilfear imscrúduithe a dhéanfaidh Oifigeach Fiosrúcháin i ndáil phríobháideach, de réir Alt 39 den Acht um Míchumas, 2005. Leagfar cinntí an Oifigigh Fhiosrúcháin amach i ngach tuairisc dá n-eiseofar agus beidh dearbhú ina chuid díobh maidir le cé acu an bhfuil údar leis an ngearán, cé acu an ar an Eagraíocht a bhí an locht i ndáil leis an gcás a ndearnadh gearán faoi agus sa chás go n-aithnítear teip, leagfar amach sa tuairisc na céimeanna a bheidh le glacadh lena chinntiú go gcomhlíonfar na ceanglais ina dhiaidh.


Admháil Ghearáin

Gearáin a Fháil
  • Caithfear gearán a chur isteach i scríbhinn
  • Ba chóir an chúis leis an ngearán a bheith leagtha amach go soiléir sa ghearán
  • Ba chóir gearán a chur chuig an Oifigeach Pearsanra
  • Ba chóir gearán a chur ar aghaidh chuig Oifigeach Fiosrúcháin


Gearáin a Chlárú agus a Admháil
  • Cuir comhad leictreonach agus páipéir ar bun don ghearán
  • Admhaigh go bhfuarthas an gearán a luaithe agus is féidir ach ná déan amhlaidh tráth is déanaí ná cúig lá oibre tar éis dó a bheith faighte


Gearáin a scagadh
  • Scag an gearán le déanamh amach an mbaineann sé le teip, a chuirtear i leith an chomhlachta, le hailt 25 go dtí 28 den Acht um Míchumas a chomhlíonadh.
  • Más gearán neamhbhailí atá ann, .i., ní bhaineann sé le cúrsaí a chlúdaítear faoi ailt 25 go dtí 28 den Acht, cuirfidh an tOifigeach Fiosrúcháin sin in iúl don ghearánaí agus tabharfaidh sé nó sí cúiseanna a thacóidh leis an gcinneadh sin agus, más féidir, tabharfaidh sé/sí comhairle dó nó dí maidir le deiseanna eile sásaimh.
  • Más gearán bailí atá ann, ag brath ar an méid a thagann ina dhiaidh, ba chóir don Oifigeach Fiosrúcháin imscrúdú a thionscnamh.
  • Más gearán suaibhreosach nó cráiteach atá sa ghearán, dar leis an Oifigeach Fiosrúcháin, ba chóir é sin a chur in iúl don ghearánaí agus deis a thabhairt dó nó di uiríolla a dhéanamh faoin scéal.
  • Má dhéantar amach leis an Imscrúdú gur gearán suaibhreosach nó cráiteach atá sa ghearán, ní ghlacfar leis an ngearán le haghaidh a imscrúdaithe. Cuirfidh an tOifigeach Fiosrúcháin an cinneadh seo in iúl don ghearánaí i scríbhinn.



Iarratas Foirmiúil ar Fhaisnéis / Thuairiscí

Iarratas ar Fhaisnéis / Thuairiscí / Chomhaid
  • Iarr tuilleadh mionsonraí/aighneacht ón ngearánaí
  • Cuir an gearán ar a s(h)úile don Imscrúdaitheoir Sinsearach ábhartha agus cuir ábhar iomlán an ghearáin in iúl.
  • Lorg tuairisc iomlán ón Imscrúdaitheoir Sinsearach ábhartha á iarraidh go leagfaidh sé/sí an seasamh maidir leis an scéal amach chun cur ar chumas an Oifigigh Fhiosrúcháin an gearán a imscrúdú.
  • Ba chóir go gclúdófaí na pointí ar fad a tarraingíodh anuas sa ghearán sa tuairisc.I gcásanna go dtagraítear do threoirlínte nó do chóid chleachtais, ba chóir go n-iarrfar ar an Imscrúdaitheoir Sinsearach atá i gceist mionsonraí ar na treoirlínte/cód cleachtais a chur ar fáil de réir mar is cuí freisin.
  • Más cuí, lorg gach comhad ábhartha.
  • Má mheastar gur gá, téigh i gcomhairle le gach páirtí/rannán ábhartha maidir leis an scéal.
  • Más gá, iarr tuilleadh faisnéise/tuairimí ón ngearánaí agus tabhair an deis dó nó di le tuilleadh ábhair a chur faoi do bhráid.


Gníomhartha agus Oifigeach Fiosrúcháin ag Fanacht le Tuairiscí
  • Ba chóir faisnéis a iarradh a sholáthar don Oifigeach Fiosrúcháin faoi cheann trí seachtaine ar a mhéad ón tráth a iarradh í.
  • Mura soláthraíonn an rannán ábhartha mionsonraí iomlána, ba chóir tuairisc eile a iarraidh.
  • D'uireasa freagartha, déantar meabhrúcháin scríofa nó meabhrúcháin teileafóin de réir mar a mheastar gur cuí. D'fhéadfaí a mheas gur gá aird an Oifigigh Phearsanra a tharraingt ar an scéal.Mura bhfaighfear aighneacht ón ngearánaí, ba chóir don Oifigeach Fiosrúcháin dul ar aghaidh leis an imscrúdú.


Agallaimh
  • I gcúrsa an imscrúdaithe, b'fhéidir gur gá agallamh a chur ar an ngearánaí nó ar oifigigh laistigh den eagraíocht m.sh. chun ceisteanna ó thaobh léirmhíniú na gceanglas a phlé nó chun faisnéis a mhealladh.
  • Ba chóir gurb agallaimh neamhfhoirmiúla a bheadh i gceist le haon agallaimh ar bith ach beidh taifead cruinn ag teastáil. Ag deireadh gach agallamh, ba chóir seiceáil a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil an cuntas atá sna nótaí cruinn.
  • Ba chóir gach agallamh a shocrú roimh ré.
  • Bíonn sé d'oibleagáid ar gach ball foirne comhoibriú go hiomlán le himscrúdú an Oifigigh Fhiosrúcháin.



Imscrúdú ar Ghearán

Scrúdú ar Chás
  • Scrúdaigh an fhaisnéis ar fad dá bhfaightear.
  • Sonraigh na príomh-shaincheisteanna.
  • Leag amach mionsonraí ábhartha m.sh. cé acu an ar an eagraíocht a bhí an locht i ndáil leis an scéal a ndearnadh gearán faoi, le tagairtí d'oibleagáidí reachtúla ábhartha.
  • Sa chás go n-aithnítear teip, leag amach na céimeanna atá le glacadh ionas go gcinnteofar go gcomhlíonfar na hoibleagáidí amach anseo.


An Tuairisc a Chur i gCrích
  • Ullmhaigh tuairisc ar thorthaí an imscrúdaithe i scríbhinn.
  • Ní dhéanfaidh Oifigeach Fiosrúcháin cinneadh nó criticeas dímholta in aghaidh baill foirne nó na heagraíochta ina thuairisc/a tuairisc gan an deis a bheith tugtha don duine nó don eagraíocht le cuimhneamh ar an gcinneadh nó criticeas agus uiríolla a dhéanamh i ndáil leis dó/di.


Clabhsúr a chur leis an Imscrúdú Fógra a thabhairt faoin gCinneadh
  • Tabharfar cóip den tuairisc don Imscrúdaitheoir Sinsearach, atá freagrach as an scéal a ndearnadh gearán faoi, lena fhreagairt/a freagairt do thorthaí an imscrúdaithe a lorg.
  • Tabharfar cóip den tuairisc, ina mbeidh freagairt an Imscrúdaitheora Sinsearaigh, don Oifigeach Pearsanra agus don ghearánaí.
  • Ba chóir a cheart nó a ceart achomhairc chuig an Ombudsman ag Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, a thabhairt le fios don ghearánaí.


Gearán a Dhúnadh
  • Nuair a bheidh an tuairisc deiridh tugtha don ghearánaí, féadfar comhad an ghearáin a dhúnadh
  • Ba chóir an toradh, an dáta a dúnadh an comhad agus aon mhionsonraí ábhartha eile a thaifeadadh sa chomhad leictreonach agus páipéir.
  • Cuirfidh an tOifigeach Pearsanra tuarascáil bhliantúil faoi fheidhmiú an nóis imeachta maidir le gearáin, agus staitisticí faoi ghearáin san áireamh, i láthair an Choiste Chomhairligh Bhainistíochta