Príobháideacht agus Fianáin
Urramaíonn Oifig an Choimisinéir Faisnéise um Comhshaoil go hiomlán do cheart chun príobháideachta, agus ní bhaileoidh an Oifig aon eolas pearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan cead soiléir a fháil uait roimh ré. I gcás aon eolais a bheartaíonn tú a chur ar fáil caithfidh an Oifig leis an eolas sin de réir na gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.
Cuairteanna ar an suíomh gréasáin
I gcás go dtugann duine cuairt ar www.ocei.gov.ie bailímid eolas logála idirlín agus sonraí phátrúin iompair na gcuairteoirí. Baintear úsáid as roinnt den eolas thuasluaite chun staitisticí achomair a chruthú, a chuidíonn linn measúnú a dhéanamh ar líon na gcuairteoirí ar ár suíomh; chun a fháil amach cad iad na leathanaigh is mó a dtugtar cuairt orthu, chun an suíomh a dhéanamh níos éasca le húsáid.
- Ní dhéanaimid iarracht aitheantas an duine atá ag tabhairt cuairte ar an suíomh gréasáin a fháil amach
- Ní dhéanfaimid iarracht nasc a aithint idir na sonraí bailithe ón suíomh agus aon eolas pearsanta aitheantais ó aon fhoinse
- I gcás go bhfuil sé beartaithe eolas pearsanta a bhailiú cuirfimid sin in iúl go soiléir agus míneoimid céard atá beartaithe againn a dhéanamh leis an eolas sin
Ar leathanaigh áirithe ar an suíomh tá an rogha ann tuilleadh eolais a lorg tríd an ríomhphost, nó chun gearán a dhéanamh ar líne. Ní dhéanfar an t-eolas seo a thaifeadadh ach amháin i gcás go roghnóidh tú teachtaireacht a chur chugainn agus ní bhainfear úsáid as ach chun na gcríoch lenar sholáthar tú é.
Úsáid fianán
Is é is fianáin ann ná comhaid bheaga fianán a chuireann suíomhana gréasáin, a dtugann tú cuairt orthu, ar do ríomhaire. Baintear úsáid astu go coitianta chun suíomhanna gréasáin a chur ag obair, nó ag obair ar bhonn níos éifeachtaí, agus cuireann siad eolas ar fáil d’úinéirí an tsuímh.
| Ár bhfianáin | Ainm | Cuspóir | Tuilleadh eolais |
| Glacadh le fianán ó shuíomh gréasáin an | Accept_cookie | Baintear úsáid as an bhfianán seo chun taifead a choinneáil ar cibé acu ar ghlac an t-úsáideoir le fianáin ar shuíomh gréasáin an Oifig an Choimisinéir Faisnéise um Comhshaoil | Chun do thoiliú a tharraingt siar tar éis duit glacadh le fianán, scrios an fianán ‘glac le fianáin’. Faigh amach conas seo a dhéanamh www.aboutcookies.org |
| Google Analytics | | Baintear úsáid as na fianáin seo chun eolas a bhailiú ar conas a thugann cuairteoirí cuairt ar an suíomh. Bailíonn na fianáin eolas ar fhoirm anaithnid nach dtugann ainm an chuairteora. Cuireann siad eolas ar fáil maidir le líon na gcuairteoirí a tháinig chuig an suíomh, cad as ar tháinig na cuairteoirí agus na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu. Bainimid úsáid as an eolas seo chun tuarascálacha a thiomsú agus chun cuidiú linn feabhas a chur ar an mbealach a n-oibríonn ár suíomh gréasáin, mar shampla trína chinntiú go n-aimsíonn cuairteoirí an t-eolas a bhí á lorg acu. | Cliceáil anseo le haghaidhforléargais ar phríobháideacht agGoogle
Chun a roghnú gan a bheith rianaithe ag Google Analytics thar gach cuairt ghréasáin téigh chuig suíomh Google |
| Fianáin YouTube | | Déanaimid físeáin a leabú ónár gcainéal oifigiúil YouTube ag baint úsáide as mód príobháideacht-bhreisithe YouTube. Féadfaidh an mód seo fianáin a shocrú ar do ríomhaire chomh luath agus atá tú tar éis cliceáil ar an seinnteoir físeáin YouTube, ach ní stórálfaidh YouTube eolas fianáin a nochtfadh d’aitheantas le haghaidh athsheinnt na bhfíseán leabaithe ag baint úsáide as an mód príobháideacht-bhreisithe. | Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig leathanach YouTube faoifhíseáin a leabú . |
| Fianáin Vimeo | _utmz | Leabaímid físeáin ó Vimeo. Féadfaidh an mód seo fianáin a shocrú ar do ríomhaire chomh luath agus a chliceálann tú ar an seinnteoir físeán Vimeo. | Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig Polasaí príobháideachtaVimeo |
| Inneall cuardaigh | | Tá an t-inneall cuardaigh ar ár suíomh gréasáin deartha sa chaoi is go mbeadh seo chomh cumhachtach agus éasca le húsáid is a bheadh an t-inneall cuardaigh móréilimh Google. Féadtar cuardach a dhéanamh a bhuíochas le crua-earra (‘gléas’ cuardaigh) arna sholáthar ag Google atá plugáilte isteach inár bhfreastalaí agus a dhéanann innéacsú leanúnach ar an ábhar ar ár suíomh. Láimhseálann an gléas seo gach iarratas cuardaigh agus ní thugtar an t-eolas d’aon tríú páirtí, lena n-áirítear Google. | Cliceáil anseo chun forléargas afháil ar phríobháideacht ag Google. |
| Fógra ar líne ó fhianán | ASP.NET_SessionId | Tá an fianán seo riachtanach don fhoirm ar líne, agus ní shocraítear é ach do dhaoine a úsáideann an fhoirm seo. Déantar an fianán seo a scriosadh i gcás go ndúnann tú an brabhsálaí. | Téigh chuig suíomh gréasáinMicrosoft |
Naisc le suíomhanna gréasáin eile
Ní chuimsíonn an ráiteas príobháideachta seo naisc laistigh den suíomh gréasáin seo ag nascadh le suíomhanna gréasáin eile. Molaimid duit na ráitis phríobháideachta a léamh ar na suíomhana gréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu.”