Conas Achomharc a Dhéanamh leis an gCoimisinéir
Achomharc laistigh de mhí amháin
Dé ghnáth ba chóir achomharc i gcoinne chinneadh RFC de chuid an údaráis phoiblí a dhéanamh leis an gCoimisinéir laistigh de thréimhse míosa. Féadfaidh an Coimisinéir cur leis an teorainn ama seo i gcás go bhfuil sí den tuairim go bhfuil forais réasúnta ann déanamh amhlaidh.
Achomharc i scríbhinn
I gcás gur mhaith leat go ndéanfadh an Coimisinéir athbhreithniú ar chinneadh a rinne údarás poiblí ar iarratas RFC, ba chóir duit d’achomharc a dhéanamh i scríbhinn agus an táille iomchuí a íoc. Is féidir leat seo a chur isteach tríd an bpost nó é a thabhairt isteach de láimh chuig an Oifig, Is féidir leat achomharc a dhéanamh ar líne freisin. I gcás go bhfaightear achomharc lasmuigh d’uaireanta oifige, caithfimid leis an iarratas mar iarratas a fuarthas ar na gcéad lá gnó eile.
Ba chóir go n-áireofaí ar d’iarratas:
- D’ainm, do sheoladh baile, uimhir theileafóin agus aon sonraí teagmhála eile (e.g. seoladh ríomhphoist);
- ainm an údaráis phoiblí a ndearnadh an t-iarratas RFC leo;
· uimhir thagartha chinneadh an údaráis phoiblí (i gcás go bhfuil sé agat);
· sonraí soiléire faoi ghnéithe de chinneadh an údaráis phoiblí a bhfuil tú ag déanamh an achomhairc leo;
- an táille cheart - féach Táillí Achomhairc
- i gcás go bhfuil tú den tuairim go bhfuil táille laghdaithe iníoctha, cuir an t-eolas tacaíochta breise ar fáil;
- an táille iomchuí .
Formáidí Achomhairc
Tá sé tábhachtach a mheabhrú NACH nglactar le dáta fháil an ríomhphoist nó an facs mar dháta an iarratais. Is é dáta faighte an iarratais ná an dáta ar a bhfaightear an t-iarratas agus an táille cheart. Ba chóir seo a mheabhrú i gcás go bhfuil tábhacht ag baint le dáta déanta an iarratais (e.g. i gcás go bhfuil sé cóngarach don teorainn míosa don achomharc).
Tabharfar admháil ar d’achomharc chomh luath agus a chinnfidh an Coimisinéir cibé acu glacadh le d’iarratas nó gan glacadh leis.