Baile  /  Achomharc a dhéanamh
 

Achomharc a Dhéanamh

Sa rannóg seo tá eolas faoi Conas a dhéileálann an Coimisinéir le hachomhairc, conas is féidir leat achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir, agus cá mhéid a chosnaíonn sé achomharc a dhéanamh.

De bhreis air sin is féidir leat achomharc a dhéanamh ar líne nó trí úsáid a bhaint as foirm inchlóite, agus is féidir leat do tháille a íoc ar líne go slán sábháilte trí Realex.

Conas a Dhéileálann an Coimisinéir le hAchomhairc

Cuirfear in iúl duit i scríbhinn gur glacadh le d’achomharc

I gcás go gcinnfidh an Coimisinéir glacadh le d’achomharc, nó gan glacadh leis, gheobhaidh tú litir óna hOifig.

Cé chuireann an Coimisinéir ar an eolas faoina hathbhreithniú

Sula scríobhfaidh siad chugat, beidh foireann an Choimisinéara tar éis seiceáil cibé acu an bhfuil d’achomharc bailí nó nach bhfuil. Beidh sí tar éis cóip de d’iarratas a thabhairt don údarás áitiúil (tá seo de cheangal faoin Acht um SF) agus beidh sí tar éis cóipeanna a fháil de d’iarratas bunaidh chuig an údarás áitiúil, a chinneadh bunaidh duit, d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach agus cinneadh an údaráis ón athbhreithniú inmheánach (i gcás gur eisíodh cinneadh). Chomh maith leis sin, cuirfidh an Coimisinéir in iúl d’aon duine eile a measann sí ar chóir iad a chur ar an eolas faoina rún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh.

Lorgóidh an Coimisinéir eolas agus aighneacht ón údarás áitiúil

Ionas gur féidir léi imscrúdú a dhéanamh ar do chás, lorgóidh an Coimisinéir eolas ón údarás poiblí agus tabharfaidh cuireadh dóibh aighneacht a chur faoina bráid maidir le cén fáth ar chinn an t-údarás mar a rinne.

Tabharfaidh an Coimisinéir cuireadh duitse aighneacht a chur faoina bráid

Chomh maith leis sin, tabharfaidh an Coimisinéir cuireadh duitse aighneacht scríofa a chur faoina bráid. Ní sé de dhualgas ort seo a dhéanamh, ach is minic a chuidíonn seo leis an gCoimisinéir an t-achomharc a thabhairt chun críche. Féadfaidh foireann an Choimisinéara dul i dteagmháil leat ar an teileafón chun d’achomharc a phlé leat.

Sannfar do chás d’imscrúdaitheoir

Chomh luath agus a ghlacfar le d’iarratas, beidh an tImscrúdaitheoir ar an bpríomhphointe teagmhála idir tusa agus an Coimisinéir. Tríd is tríd, déanfaidh an Coimisinéir:

iarracht na fíricí ábhartha go léir i ndáil leis an gcinneadh a chur faoi bhráid an údaráis phoiblí,

aighneachtaí a lorg ó pháirtithe san achomharc agus breithniú ar aon argóintí a chuirfear chun tosaigh,

scríobh chugat leis an athbhreithniú tosaigh ar d’achomharc i gcás gur iomchuí é,

moladh a chur faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise maidir le do chás.

Cinntí Ceangailteacha

I gcás go n-eiseoidh an Coimisinéir cinneadh ceangailteach, d’fhéadfadh sí dearbhú a dhéanamh (seasamh leis) ar an gcinneadh bunaidh nó é a mhionathrú (athrú). Mar rogha air sin féadfaidh sí an cinneadh deiridh a chur ar ceal agus cinneadh nua ceangailteach a dhéanamh. Tá samplaí de chinntí an Choimisinéara ar fáil le léamh anseo.

Cé chomh fada is a thógfaidh seo?

Déileáiltear le hachomhairc chomh tapa agus is féidir. I roinnt cásanna bíonn roinnt mhaith ama i gceist leis seo sa mhéid go bhfuil siad casta nó go bhfuil  a lán faisnéise i gceist leo.

Cad a tharlaíonn i gcás nach dteastaíonn uaim go ndéanfaidh an Coimisinéir athbhreithniú ar mo chás a thuilleadh?

Ag aon phointe, i gcás go mbeartóidh tú nach dteastaíonn uait go ndéanfaidh an Coimisinéir an t-athbhreithniú, ba chóir duit scríobh chuig Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil chun a chur in iúl di nach dteastaíonn uait go rachfar ar aghaidh leis an athbhreithniú. 

An féidir liom achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Choimisinéara?

Féadtar cinneadh deiridh, ceangailteach an Choimisinéara a achomharc chuig an Ard-Chúirt, ach ní féidir seo a dhéanamh ach ar phointe dlí. Ciallaíonn seo nach féidir leat cinneadh a achomharc ach amháin i gcás go bhfuil tú den tuairim gur léirmhínigh an Coimisinéir an dlí go mícheart. Is gá achomharc chuig an Ard-Chúirt a dhéanamh laistigh de thréimhse nach sáraíonn dhá mhí tar éis dháta fhógra na chinnidh.

I gcoitinne, i gcás go ndéanfaidh an Coimisinéir cinneadh ag treorú d’údarás áitiúil faisnéis bhreise a scaoileadh, ní scaoilfear an t-eolas sin ar feitheamh éag an dá mhí sa tréimhse achomhairc.