Baile  /  Nuacht
 

Seolann an Coimisinéir Faisnéise agus an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, Emily O’Reilly, a Tuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2011

Ag tnúth le foilsiú reachtaíochta nua um Shaoráil Faisnéise níos déanaí sa bhliain chun éifeacht a thabhairt don ghealltanas sa Chlár don Rialtas maidir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise a chur ar ais go dtí an staid a bhí aige roimh 2003 agus a théarmaí tagartha a leathnú chuig comhlachtaí poiblí breise.Tuairimí maidir le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí ar an gcás a dtugtar “Cás an Rotunda” air.Díol suntais go bhfuil iarratais um shaoráil faisnéise a fuair comhlachtaí poiblí in 2011 ag dul i méid go seasmhach. (16,517 iarratas a fuarthas - suas 8% ar 2010).Tugtar faoi deara go bhfuil méadú leanúnach ar líon na n-iarratas um shaoráil faisnéise a fuair an Roinn Coimirce Sóisialaí.  (1,106 iarratas a fuarthas - suas 95% ar 2009).

D’fhoilsigh an Coimisinéir Faisnéise a Tuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2011 inniu (Dé Céadaoin, 30 Bealtaine 2012), an ceathrú tuarascáil déag ó bunaíodh an Oifig in 1998.

Athchóiriú ar Shaoráil Faisnéise

Ag seoladh a Tuarascála dúirt an Coimisinéir Faisnéise go bhfuil áthas uirthi go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag obair faoi láthair ar na socruithe is gá chun éifeacht a thabhairt do na gealltanais sa Chlár don Rialtas maidir le Saoráil Faisnéise agus go bhfuil deis faighte aici moltaí i gcomhair athraithe a chur isteach.Thug sí le fios go bhfuil dóchas aici go gcuirfear an tAcht ar ais go hiomlán mar a bhí Acht bunaidh 1997, ceann a chuimseoidh gach comhlacht poiblí.

“Cás an Rotunda”

Labhair an Coimisinéir faoin mbreithiúnas a tugadh sa deireadh thiar in 2011 ar an gcás a dtugtar “Cás an Rotunda” air.

Chinn an Chúirt Uachtarach gur tugadh aois sheanmháthair an iarratasóra in 1922, nuair a rugadh a hathair di, don Ospidéal faoi rún agus go raibh díolúine aige ó nochtadh faoi Shaoráil Faisnéise.Measann an Coimisinéir gur dóigh go gcuirfidh sé sin bac suntasach ar ghealltanas an Rialtais moladh a chur i bhfeidhm a rinne an Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú ina mhórthuarascáil (Tuarascáil Ryan) in 2009 gur cheart an ceart rochtana ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis phearsanta a aithint agus a thabhairt d’iar-chónaitheoirí institiúidí “right of access to personal documents and information must be recognised and afforded to ex-residents of institutions”.

Úsáid na Saorála Faisnéise

D’fhógair an Coimisinéir gur cuireadh 16,517 iarratas um shaoráil faisnéise ar an iomlán chuig comhlachtaí poiblí in 2011, sin méadú 8% ar fhigiúr 2010 agus méadú 15% ar fhigiúr 2009.Rinneadh 12,581 iarratas ar fhaisnéis phearsanta in 2011; sin méadú 17% ar 2010.Thit líon na n-iarratas ó iriseoirí go dtí 11% ó 14% in 2010.  

An Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil

Baineann Cuid II de Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara i gcomhair 2011 leis an ról eile atá aici mar Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Díríonn an ról sin ar chinntí a dhéanann a hOifig maidir le hachomhairc faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (AIR), 2007.

Tugann an Coimisinéir suntas don leibhéal íseal gníomhaíochta sa réimse seo agus an laghad feasachta tríd is tríd faoin gceart rochtana atá ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol faoin Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol agus Treoir CE/2003/4.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil déan teagmháil le: 

Stephen Rafferty, Imscrúdaitheoir Sinsearach - 01 639 5680 / 087 4110557

Ríomhphost: stephen_rafferty@oic.gov.ie

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2011 ar fáil ar láithreán Gréasáin an Choimisinéara ar

http://www.ocei.gov.ie/ga/Foilseachain/TuarascalachaBliantula/TuarascailBhliantuil2011/online/index.html

 nó is féidir glaoch chun cóip a fháil - (01) 639 5689.