2010

An Coimisinéir Faisnéise – Tuarascáil Bhliantúil 2009

Date Released: 28.04.2010

A Tuarascáil Bhliantúil do 2009 á Cur i Láthair ag an gCoimisinéir Faisnéise, Emily O'Reilly

Sa Tuarascáil:

  • cáineann sí an nós atá ann comhlachtaí poiblí a bhí faoi réir na Saorála Faisnéise (SF) a shaoradh ó raon na nAchtanna SF;
  • tugann sí ar aird go bhfuil roinnt comhlachtaí poiblí tábhachtacha fós ann, sna hearnálacha airgeadais agus eacnamaíochta freisin, nach bhfuil faoi réir na SF;
  • tuairiscíonn sí go bhfuil méadú 7% ar na hachomhairc chun na hOifige aici in aghaidh cinntí de chuid comhlachtaí poiblí agus borradh 13% i líon na n-iarratas SF ar chomhlachtaí poiblí. 

D’fhoilsigh an Coimisinéir Faisnéise, Emily O’Reilly, a Tuarascáil Bhliantúil do 2009 inniu (28 Aibreán 2010). Is í an dóú tuarascáil déag í ó bunaíodh an Oifig i 1998.

D’fhógair an Coimisinéir gur tháinig méadú suntasach i 2009 ar líon foriomlán na n-iarratas SF chun comhlachtaí poiblí - 14,290, méadú 13% ar fhigiúr 2008 agus 34% ar fhigiúr 2007 (10,704). Tá an fás faoi na hiarratais ar fhaisnéis neamhphearsanta le haithint arís i mbliana ar an méadú atá ar na hiarratais a fuair an Roinn Airgeadais, ar mó de 51% iad ná figiúr na bliana 2008 (Caibidil 1). B’ionann agus 324 líon na gcinntí de chuid comhlachtaí poiblí a ndearnadh achomharc chun an Choimisinéara Faisnéise ina n-aghaidh i rith 2009, ionann agus méadú 20 cás nó méadú 7% thar 2008.  Glacadh le 242 díobh seo chun athbhreithnithe (leathanach 12).

Leag an Coimisinéir béim ar fheidhm an Achta SF maidir le faisnéis a chur os comhair an phobail, faisnéis nach mbeadh le fáil murach sin. Feictear di, toisc úsáid níos tuisceanaí a bheith á baint anois as an Acht SF, gurb uirlis é an tAcht a chuireann leis an gcuntasacht chuí sa riarachán poiblí. Thabharfadh an úsáid a bhaineann na hiriseoirí as SF (15% de na hiarratais go léir i 2009, chomh hard le 2008) gurb uirlis luachmhar í d’fhonn an fhollasacht agus an chuntasacht a chur chun cinn sa tseirbhís phoiblí. Sampla de seo is ea na tuairiscí forleathana sna meáin chumarsáide i rith na bliana ar na costais a d’íoc na comhlachtaí poiblí, go háirithe costais taistil d’oifigigh nó do chomhaltaí boird na gcomhlachtaí céanna.  Ba mhór aici gur eisigh na comhlachtaí poiblí taifid na gcostas seo ag an gcéad staid den iarratas, agus nár ghá do na hiarrthóirí teacht chun na hOifige lag iarraidh athbhreithnithe.

Dúirt an Coimisinéir arís gurbh ábhar imní léi (Caibidil 2) comhlachtaí poiblí nó feidhmeanna de chuid na gcomhlachtaí poiblí a bheith á saoradh ó raon an Achta SF agus nár cuireadh an saoradh seo in iúl di féin ná dá hOifig,  Níos luaithe i mbliana, in aitheasc a thug an Coimisinéir do chomhdháil faoin rialachas, comhdháil a d’eagraigh an Foras Riaracháin agus an Institiúid Chairte Airgeadais Phoiblí agus Chuntasaíochta, thug sí ar aird go raibh roinnt comhlachtaí tábhachtacha ann, ina measc an Garda Siochána, na Coistí Gairmoideachais, Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus an ghíomhaireacht nuabhunaithe NAMA, nach dtagann faoi réir an Achta SF. Leag sí béim freisin ar an nós atá ann le blianta beaga anuas comhlachtaí poiblí a bhí faoi réir na SF a shaoradh ó raon na nAchtanna SF, lena n-áirítear cumhachtaí forfheidhmithe an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta, na feidhmeanna sábháilteachta bóithre a chuireann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre i ngníomh anois, feidhmeanna Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas a chuireann an tÚdarás Clárúcháin Maoine i gcrích anois agus an moladh atá á dhéanamh an chumhacht forfheidhmithe a bhaint den Údarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta.

Agus í ag trácht ar éifeacht na socraíochtaí agus na n-aistarraingtí maidir le toradh sásúil a bhaint amach d’iarrthóirí SF, thug an Coimisinéir samplaí de réitigh a tháinig as an idirghabháil / idirbheartaíocht a d’éascaigh an Oifig gan gá a bheith ann cinneadh foirmiúil a eisiúint maidir le hathbhreithnithe (Caibidil 2).

Cinntí

I gCaibidil 3 den tuarascáil tá achoimrí ar dhá chinneadh a d’eisigh an Coimisinéir i rith 2009:

Pléann Cás 080099 - an Irish Independent agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta - le foráil leasa phoiblí an Achta SF a cheadaíonn díolúine de bhun Ailt 27 - faisnéis tráchtála íogair - a chur ar ceal má mheastar gur den leas poiblí é na taifid a eisiúint.

Baineann Cás 080232 - an Sunday Times agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - le díolúintí de bhun an Achta SF a chur ar ceal má mheastar gur den leas poiblí é na taifid a eisiúint.

Staitisticí

B’ionann agus 14,290 líon na n-iarratas SF a rinneadh chun comhlachtaí poiblí i 2009. Méadú 13% é seo thar fhigiúr na bliana 2008 (12,672) agus meádú 34% thar 2007 (10,704) (leathanach 10).  B’ionann agus 324 líon na gcinntí de chuid comhlachtaí poiblí a ndearnadh achomharc chun an Choimisinéara Faisnéise ina n-aghaidh i rith 2009, ionann agus méadú 20 cás nó méadú 7% thar 2008.  Glacadh le 242 díobh seo chun athbhreithnithe (leathanach 12).

Rinneadh 9,385 iarratas ar fhaisnéis phearsanta i 2009; méadú 14% é seo thar 2008.  Daoine den phobal nó comhlachtaí ionadaíochta is mó a rinne na hiarratais (76%), agus is iad na hiriseoirí (15%), lucht gnó (5%), foireann comhlachtaí poiblí (3%), agus baill den Oireachtas (1%) na catagóirí eile. Is ionann céatadán na n-iarratas a rinne iriseoirí - 15% - agus céatadán na bliana 2008. 

Bhí méadú 325% thar an tréimhse ó 2007 ar líon na n-iarratas - chomh hard le 272 - a rinneadh chun na Roinne Airgeadais i 2009 agus is beag nach ionann anois é agus an leibhéal bliantúil - 300 agus breis - a bhí ann sular tugadh na táillí iníoctha roimh ré isteach sa bhliain 2003. Cuid suime an méadú 118% (ó 57 go 124) ar líon na n-iarratas a fuair an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i rith na tréimhse céanna.  

Tugann figiúirí na bliana 2009 le tuiscint go bhfuil an patrún fós ann gur lú rátaí eisiúna na státseirbhíse ach gur lú i gcónaí freisin an bhearna atá anois ann idir í agus earnálacha eile. Taispeánann na staitisticí gur lú an seans go n-eiseoidh an státseirbhís na taifid ina n-iomláine ná comhlachtaí poiblí eile. I 2009 ceadaíodh eisiúint iomlán i 39% de chásanna na státseirbhíse, le hais 56% do na húdaráis áitiúla; 71% don FSS, 46% do na hinstitiúidí tríú leibhéal; 68% do na hospidéil dheonacha/gníomhaireachtaí sláinte intinne/comhlachtaí deonacha, agus 52% do chomhlachtaí eile. Tá figiúr na státseirbhíse gar don 36% a cláraíodh don bhliain 2008.  Cuid suntais leis an gCoimisinéir an laghdú atá ar rátaí eisiúna na n-institiúidí trí leibhéal, 46% i 2009 le hais 48% i 2008, 58% i 2007 agus 64% i 2006.

Coimisinéir Faisnéise Comhshaoil 

Baineann Cuid II de Thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara do 2009 leis an ról ar leith atá aici mar Choimisinéir Faisnéise Comhshaoil. Pléann sí na cinntí a rinne a hOifig maidir le hachomhairc de bhun na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC) 2007, ar cód reachtúil ar leith é seachas an ceann a fhreagraíonn do SF.

Tugann Caibidil I cuntas ar an gcóras RFC agus ar ghníomhaíochtaí Oifig an Choimisinéara um Faisnéis maidir leis an gComhshaol i rith 2009 lena n-áirítear na hachomhairc a fuarthas agus na cinntí a eisíodh. Cuid suntais leis an gCoimisinéir an leibhéal gníomhaíochta cuibheasach íseal sa réimse seo agus an easpa eolais atá ann maidir leis an gceart ar rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil de bhun Rialachán agus Threoir RFC an AE CE/2003/4.

I gCaibidil 2, tugann an Coimisinéir tuairisc ar na cinntí aici a eisíodh i 2009, mar atá:

An Comhairleoir Tommy Cullen agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil CEI08/0012 maidir le faisnéis faoi dhumpáil mhídhleathach i gCo Chill Mhantáin,

An tUas P. Geoghegan agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) CEI09/0004 maidir leis an rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil a bhaineann le gearáin faoi Aughinish Alumina.   

Tá Tuarascáil Bhliantúil na bliana 2009 le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara ag www.oic.gov.ie, nó is féidir cóip a iarraidh ar an teileafón - (01) 639 5689.

Tuilleadh Faisnéise faoin Tuarascáil: téigh i dteagmháil le: 

Sean Garvey, Imscrúdaitheoir Sinsearach - 01 639 5660 r-phost: sean_garvey@oic.gov.ie

Alison McCulloch, Imscrúdaitheoir - 01 639 5658 r-phost: alison_mcculloch@oic.gov.ie

Tá Tuarascáil Bhliantúil na bliana 2009 le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara ag www.oic.gov.ie, nó is féidir cóip a iarraidh ar an teileafón - (01) 639 5689.

Tuilleadh Faisnéise faoin Tuarascáil: téigh i dteagmháil le: 

Sean Garvey, Imscrúdaitheoir Sinsearach - 01 639 5660 r-phost: sean_garvey@oic.gov.ie

Alison McCulloch, Imscrúdaitheoir - 01 639 5658 r-phost: alison_mcculloch@oic.gov.ie

Back to contents