2010

28.04.2010 An Coimisinéir Faisnéise – Tuarascáil Bhliantúil 2009

D’fhoilsigh an Coimisinéir Faisnéise, Emily O’Reilly, a Tuarascáil Bhliantúil do 2009 inniu (28 Aibreán 2010). Is í an dóú tuarascáil déag í ó bunaíodh an Oifig i 1998. Sa Tuarascáil: cáineann sí an nós atá ann comhlachtaí poiblí a bhí faoi réir na Saorála Faisnéise (SF) a shaoradh ó raon na nAchtanna SF; tugann sí ar aird go bhfuil roinnt comhlachtaí poiblí tábhachtacha fós ann, sna hearnálacha airgeadais agus eacnamaíochta freisin, nach bhfuil faoi réir na SF; tuairiscíonn sí go bhfuil méadú 7% ar na hachomhairc chun na hOifige aici in aghaidh cinntí de chuid comhlachtaí poiblí agus borradh 13% i líon na n-iarratas SF ar chomhlachtaí poiblí.