Oifig an Choimisinéara um Faisnéise Comhshaoil

Caibidil1: Réamhfhocal

Is é an ról atá agam, de bhreis ar a bhfuil orm mar Ombudsman agus mar Choimisinéir Faisnéise, ná cinneadh a dhéanamh ar achomhairc ó bhaill den phobal, daoine atá mí-shásta le toradh a n-iarrataí ar fhaisnéis chomhshaoil atá faighte acu ó údaráis poiblí. Tá mo chuid feidhmeanna sainmhínithe faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar na Rialacháin Comhshaoil 2007 (I.R. Uimh. 133, 2007).

An Treoir agus na Rialacháin

Tá réimeas na rochtana ar fhaisnéis chomhshaoil bunaithe ar Treoir 2003/4/AE. Is í príomh-fhoráil na Treorach seo ná bunú ceartaiss rochtana ar fhaisnéis chomhshaoil atá i seilbh na n-údaráis poiblí. Chuireadh an Treoir i bhfeidhm in Éirinn ar an 1ú Bealtaine 2007, nuair a chuireadh na Rialacháin a rinne an tAire Comhshaoil, Oidhreacha agus Údaráis Áitiúil in éifeacht.

Cad a thuigtear le Faisnéis Chomhshaoil?

Tá sainmhíniú an-leathan ar “fhaisnéis chomhshaoil” sa Treoir agus sna Rialacháin. Clúdaíonn sé faisnéis atá i bhfoirm “scríofa, amharcach, inchloiste, leictreonach nó i bhfoirm ábharach ar bith eile. Aithnítear sé chatagóir difriúla:

  • staid na ndúl sa chomhshaoil (e.g. aer, uisce, ithir talamh, dreach talún, éagsúlacht bitheolaíoch)
  • nithe a théann i bhfeidhm, nó a d’fheadfadh dul i bhfeidhm ar dhúile an chomhaoil (e.g. fuinneamh, fothram, radaíocht, dramhaíl, scaoilteáin eile isteach sa chomhshaoil)
  • bearta atá ceaptha chun dúile an chomhshaoil a chaomhnú (e.g. polasaithe, reachtaíocht, pleananna, cláir oibre, comhaontuithe comhshaoil)
  • tuarascálacha maidir le feidhmiú reachtaíochta an chomhshaoil)
  • anailísí agus toimhdí a úsáidtear i bhfrámaíocht na mbeart atá ceaptha chun an chomhshaoil a chosaint, agus
  • an staid sláinte agus sábháilteachta daonna, an slabhra bia, láithreáin cultúrtha agus struchtúir tógtha, sa mhéid agus is féidir le dúile an chomhshaoil tionchar a imirt orthu.

Cead Rochtana Faisnéise a Spreagadh

Tá an coinne ann go mbeifear ag géilleadh go ginearálta d’iarrataí ar chead rochtana. Tá an ceangal ann freisin go mba cheart d’údaráis áitiúla faisnéis ar an gcomhshaol a eagrú agus a choinneáil ‘le súil go scaipfear í go beo agus go heagartha ar an bpobal’. Faoi Rialacháin 2007, déanann an Oifig agamsa athbhreithniú seachtrach neamhspleách agus tá ceangal ar an údarás poiblí cloí le toradh an athbhreithnithe sin.

Údaráis Phoiblí

Murab ionann agus an scéal faoin Acht SF, ní luann na Rialacháin na húdaráis phoiblí áirithe a thagann faoi réimeas Rochtana na Faisnéise Comhshaoil (RFC). Ar an taobh eile, soláthraíonn na Rialacháin sainmhíniú leathan ar cad a thuigtear le húdarás phoiblí, déantar tagairt do:

  • Comhlachtaí rialtais nó comhlachtaí rialacháin poiblí eile (comhlachtaí comhairleacha poiblí ina measc), ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil
  • aon phearsa nádúrtha nó pearsa dlí ag comhlíonadh feidhmeanna riaracháin poiblí faoin dlí nádúrtha agus a bhaineann leis an gcomhshaol agus
  • aon phearsa nádúrtha nó pearsa dlí a bhfuil freagrachtaí nó feidhmeanna poiblí mar chúram orthu, nó a bhfuil seirbhísí poiblí á soláthar acu, a bhaineann leis an gcomhshaol agus atá faoi smacht ag comhlacht, nó pearsa a thiteann faoi cheachtar den dá chéad aicme.

  • Tá roinnt comhlachtaí tráchtála Stáit nach bhfuil clúdaithe cheana féin ag an Acht SF nó ag Acht an Ombudsman clúdaithe faoi na Rialacháin seo. Má tá easaontú ann an bhfuil comhlacht ina údarás poiblí nó nach bhfuil, tá ceart achomhairc chuig an Oifig agamsa ag iarratasóir na faisnéise.

    Táillí

    Murab ionann agus cead rochtana faoi SF, ní iarrtar táille ar bith roimh ré chun iarratais a dhéanamh. Níl aon táille ach oiread le haghaidh iarratais ar athbhreithniú inmheánach. Ach tá táille le haghaidh achomhairc chuig an Oifig agamsa. Tá táille €150 socraithe agus táille laghdaithe €50 do shealbhóirí cártaí leighis, ar a gcleithiúnaithe agus ar tríú pháirtithe ar a bhfuil iarmhairt de bharr nochtú an faisnéise faoin gComhshaol í gceist.

    Is féidir le comhlacht poiblí táille a ghearradh má chuireann siad faisnéis ar fáil. Ach chaithfidh “an Treoir a bheith coimeádta go réasúnta ar aigne” in aon táille den chineál sin. Má chuireann comhlacht poiblí rompu táillí a ghearradh ní mór dóibh liosta de tháillí iníoctha a chur os chomhair an phobail. Tá ceart achomhairc (inmheánach nó seachtrach) ann, má bhraitear go bhfuil an táille thar fóir – féach an cinneadh a rinne mé faoi Chás Chomhairle Chontae Shligigh CEI/07/06.

    Bonn an Diúltaithe

    Forálann na Rialacháin gur féidir iarratas a dhiúltú mar chosaint ar:

    • rúndacht faisnéise pearsanta
    • leas aon duine a bhfuil faisnéis tugtha go deonach acu
    • an comhshaol lena mbaineann an fhaisnéis
    • rúndacht imeachtaí na n-údarás poiblí
    • pé sa Chomh-Aireacht
    • caidreamh idirnáisiúnta, cosaint náisiúnta nó slándáil phoiblí
    • cúrsa na córa
    • rúndacht tráchtála nó tionsclaíoch, agus cearta na maoine intleachtúla

    Tá foráil ann freisin go gcuirfeadh an t-údarás áitiúil in iúl don iarratasóir nach bhfuil an fhaisnéis atá á lorg acu. Tá na boinn díolmhaithe go léir faoi réir ag na srianta faoi Airteagal 10 de na Rialacháin. Cur i gcás, maidir le hiarrataí a bhaineann le h-astúcháin isteach sa chomhshaol, ní féidir a leithéid a dhiúltú sa ghnáth-chás. I ngach chás, bíonn díolúine poitéinsiúil faoi réir tástála leasa phoiblí agus ní foláir don bhonn diúltaithe “a léirmhíniú ar mhodh sriantach”.

    Mura mbíonn cinneadh ar bith ag teacht ó chomhlacht poiblí, tá foráil ann do cheart achomhairc bunaithe ar dhiúltú intuigthe.

    Treoirlínte

    Tá sraith de Nótaí Treoracha foilsithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ina bhfuil téacs na Rialachán agus na dTreoirlínte. Tá sonraí úsáideach sna nótaí seo go gcaithfidh na údaráis áitiúla féachaint chucu, ach ní chuireann siad rompu a bheith mar léirmhíniú dlíthiúil ar an rialacháin.

    Achomhairc a fuarthas

    Fuarthas 16 achomharc san Oifig seo i rith na bliana 2009 (12 sa bhliain 2008). D’eisíodh dhá chinneadh fhoirmiúil agus tá achoimrí orthu sin ar fáil ag bun na caibidle seo. Tuigeadh go raibh dhá chás tarraingthe siar agus socraithe nuair a scaoileadh na taifid tar éis don Oifig seo idirghabháil a dhéanamh. Tarraingíodh cás amháin eile siar agus chinneadh go raibh 5 eile neamhbhailí ar an mbonn nár iarradh athbhreithniú inmheánach ar bith nó nár íocadh an táille reachtúil le haghaidh athbhreithnithe. Bhí trí chás déag ar láimh ag deireadh na bliana. Rinne an fhoireann anseo agamsa 23 fiosrú ginearálta faoi na Rialacháin a chur ar thaifead.

    Cé gur bhain formhór na n-achomharc le hiarrataí chuig údaráis áitiúla, bhí na Ranna Rialtais, An Bord Pleanála, An Ghníomhaireacht um Chosaint Chomhshaoil, Oifig an Ard-Aighne, agus RTÉ ar na húdaráis áitiúla a ndearnadh a gcinntí a achomharc. Is cóir a rá gur bhain formhór na n-achomharc le díospóidí maidir le tuilleadh faisnéise comhshaoil a bheith coimeádta faoi scóip an iarrata, nó a mhalairt; leis na bhformáid ina raibh an fhaisnéis ar fáil nó an raibh an comhlacht ina údarás poiblí chun chríche na Rialachán, murab ionann agus cásanna ina raibh ar an Oifig agamsa breith a thabhairt an raibh feidhmiú ceart déanta ar na h-eisceachtaí a bhí clúdaithe sna Rialacháin.

    Ceisteanna a tháinig chun cinn sa bhliain 2009

    Faoi mar a pléadh i mo thuarascáil den bhliain 2008, ní raibh an-ghníomhaíocht ar fad maidí le hachomhairc agus iarratais faoi na Rialacháin. D’aithin mé dhá phríomh-chúis le sin – méid na táille chun achomhairc a dhéanamh chuig an Oifig seo – tá sin ag cur lag-mhisnigh ar iarratasóirí agus níl an tuiscint ró-ghinearálta ann maidir le cearta an phobail faoi na Rialacháin. Tá comharthaí éigin ann le deireanas go bhfuil méadú ag teacht ar líon na n-achomharc.

    Cás Ard-Chúirte

    Rinneadh achomharc chun na hArd-Chúirte i Mí na Nollag 2008 i gcoinne an chinnidh a rinne mé i gcás CEI/07/0005 – Mr Gary Fitzgerald agus Roinn an Taoisigh. D’éistíodh an t-achomharc i Mí Iúil 2009 agus táthar fós ag feitheamh leis an mbreithiúnas le linn don tuarascáil seo a bheith á scríobh.

    Suíomh Gréasáin

    Seoladh suíomh gréasáin na h-Oifige seo www.ocei.gov.ie i Mí Aibreáin 2009. Tá cinntí na n-achomharc ar fáil ann maille le naisc chuig na Rialacháin, An Treoir agus na Treoirlínte.

    Tuarascáil chuig an gCoimisiún Eorpach ón Roinn

    I rith na bliana rinne an Roinn an chéad tuarascáil chuig an gCoimisiún Eorpach faoi oibriú na Treorach. Is tuarascáil éigeantach í seo ar na Ball-Stáit faoi Airteagal 9 den Treoir. Athbhreithniú ar Imfheidhmiú Treorach an AE, 2003/4/EC faoi Rochtain an Phobail ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Tréimhse monatóireachta: 1ú Bealtaine 2007 – 31ú Nollaig 2008.

    Chuir mé staidreamh agus ráitis ar fáil maidir le taithí m’oifige ar na Rialacháin agus bhuail baill de m’fhoireann le hoifigigh ón Roinn. I measc rudaí eile, rinne mé moltaí conas feabhas a chur ar an bhfeasacht choiteann agus dúirt mé go raibh an Oifig seo sásta páirt a ghlacadh i seisiúin feasachta/traenála a eagródh an Roinn d’fhoirne na n-údarás áitiúla. I measc na gceisteanna a pléadh bhí airde na táille achomhairc. Cheapadh go raibh airde na táille mar bhac d’iarratasóirí, go háirithe i gcásanna má tá na freagraí a tugtar ar iarrataí chomh heaspach sin gurb ionann iad agus ‘gan freagra ar bith’ nó cosúil le ‘diúltú intuigthe’ i gcás nuair nach dtagann freagra taobh istigh den fhráma reachtúil ama de réir na Rialachán.