Baile  /  Eolas Fúinn   /  Beartais agus straitéisí  /  Sheirbhísí Inrochtana  /  Tionscnaimh Inrochtaineachta
 

Tionscnaimh Inrochtaineachta

Timpeallacht Fhoirgnithe

Feidhmíonn an eagraíocht in dhá fhoirgneamh – 18 Sráid Líosain Íochtarach agus Teacht Longphort. Is é seoladh na heagraíochta ná 18 Sráid Líosain Íochtarach. Ní bhíonn daoine den phobal in ann dul isteach i dTeach Longphort go hiondúil. Rinneadh iniúchóireacht ar chúrsaí inrochtaineachta in 18 Sráid Líosain Íochtarach i mí Lúnasa 2007. Rinneadh na hoibreacha seo a leanas a aithníodh le linn na hiniúchóireachta sin ar chúrsaí inrochtaineachta:

  • Le déanaí cuireadh fánán os chomhair an fhoirgnimh chun go mbeadh sé níos éascaí teacht ar an oifig. Méadaíodh ar dhrompla na céimeanna os chomhair an dorais chun cabhrú le gluaiseacht cathaoireacha rothaí. Tá an tairseach ar aon chéim leis an gcéim is aoirde anois.
  • Is féidir an doras a oscailt anois gan mórán brú agus tá ardaitheoir san oifig fháiltithe.
  • Suiteáladh gléas idirchumarsáide gan sreang ag na ráillí ar leibhéal na sráide.
  • Cuireadh urlárlach tadhlach ar an staighre cúil idir 18 Sráid Líosain Íochtarach agus Teach Longfort agus cuireadh dromchla speisialta frithshleamhnánach ar chorra na gcéimeanna agus dathanna contrátha ar gach céim. Le cois sin cuireadh dathanna contrátha ar imeall na gcéimeanna san oifig fháiltithe
  • Suiteáladh lúbanna ionduchtúcháin sa limistéar fáilithe agus sa seomra comhdhála ar an mbun-urlár íochtarach in 18 Sráid Líosain Íochtarach. Fuarthas lúb inaistrithe le húsáid sna seomraí agallaimh in 18 Sráid Líosain Íochtarach freisin.
  • Rinneadh comhla uathoibrithe de chomhla amháin de na doirse, a dtéitear tríd chuig an limistéar in aice leis an ardaitheoir ar gach urlár chun éascú le daoine i gcathaoireacha rotha teacht isteach. Rinneadh doras uathoibrithe den doras i bpasáiste an íoslaigh a dtéitear tríd isteach san fhoirgneamh ón gcarrchlós agus rinneadh doirse uathoibrithe freisin de na doirse dúbailte sa limistéar fáilithe a dtéitear tríothu isteach sna seomraí agallaimh. Arís, rinneadh na hoibreacha seo chun éascú le daoine i gcathaoireacha rotha teacht isteach.
  • Íslíodh na cotageanna i leith na ndoirse uathoibrithe.



Saineolas Ar Fáil

Foráiltear le hAlt 26(1)(c) den Acht um Míchumas 2005 nach mór do chomhlacht poiblí a chinntiú go mbeidh saineolas agus scileanna cuí ar fáil dó, sa chás gur cuí, chun comhairle a thabhairt dó i ndáil leis an bpróiseas le socrú go mbeidh a chuid seirbhísí ina seirbhísí inrochtana. Deirtear i "gCód Cleachtais" an Údaráis Náisiúnta Míchumais "um Inrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Faisnéise arna Soláthar ag Comhlachtaí Poiblí" gur "féidir saineolas den sórt sin a chur ar fáil laistigh den eagraíocht, nó, sa chás gur cuí, a fhoinsiú go seachtrach." Tá na bearta seo a leanas déanta ag an eagraíocht lena chinntiú go mbeidh an saineolas agus na scileanna cuí ar fáil dó:

Tá sé tar éis leibhéal reatha na scileanna/oiliúna laistigh den eagraíocht, chun déileáil le daoine le míchumais, a fháil amach. Soláthraíodh oiliúint do gach ball foirne go mbeifí ar an eolas faoi chúrsaí míchumais. Tá bunachar sonraí tiomsaithe aige de shonraí teagmhála na soláthraithe a sholáthraíonn na seirbhísí seo thíos, agus dá gcostais chomh maith leis an méid ama nó fógra a bhíonn ag teastáil uathu agus obair á socrú leo roimh ré:

  • Braille a chur ar cháipéisí
  • Seirbhísí Teanga na Comharthaíochta
  • Cáipéisíocht i mBéarla Sothuigthe
  • Oibreacha Inrochtaineachta



Oifigeach Inrochtaineachta

De réir alt 26(2) den Acht, tá "Oifigeach Inrochtaineachta" ceaptha ag an eagraíocht. Tá tuilleadh mionsonraí maidir le hOifigeach Inrochtaineachtana heagraíochta ar fáil sa chuid seo den láithreán gréasáin.


Polasaí maidir le Cúrsaí Soláthair

De réir alt 27 den Acht, tá polasaí forbartha ag an eagraíochta lena chinntiú go mbeidh ceanglais ábhartha ó thaobh cúrsaí inrochtaineachta do dhaoine le míchumais curtha san áireamh, sa chás gur cuí, mar chuid de nósanna imeachta na heagraíochta maidir le cúrsaí soláthair. Tá tuilleadh mionsonraí i ndáil leis an bpolasaí seo ar fáil sa chuid seo den láithreán gréasáin.


Teicneolaíocht Fhaisnéise

Athdhearadh gach ceann de láithreáin ghréasáin na heagraíochta in 2005. Cuireadh na láithreáin gréasáin le chéile sa chaoi is go mbeidís a inrochtana agus ab fhéidir. Bíonn an eagraíocht i mbun a díchill i gcónaí chun a inrochtana is a bhíonn a láithreáin gréasáin a fheabhsú. Tá dhá iniúchóireacht ar chúrsaí inrochtaineachta agus úsáideachta déanta ar na láithreáin gréasáin ó athdhearadh iad. Tugadh aghaidh ar shaincheisteanna a aithníodh leis na hiniúchóireachtaí nó táthar i mbun an phróisis sin. Seo nasc leis an ráiteas inrochtaineachta don láithreán gréasáin seo.


Físeán Eolais Inrochtana

Le déanaí chuir an Oifig físeán eolais inrochtana ar fáil. Déantar cur i láthair sa fiseán ar fheidhmeanna an Ombudsman. Tá teacht ar an bhfíseán i bhformáid fotheidil, teanga chomharthaíochta agus léamh liopaí.


Nósanna imeachta maidir le gearáin a scrúdú

De réir alt 39(1) den Acht um Míchumas, tá beirt oifigeach fiosrúcháin ceaptha ag an eagraíocht chun gearán a imscrúdú i ndáil le teip na heagraíochta ailt 25, 26, 27 nó 28 den Acht a chomhlíonadh. De réir alt 39(2) den Acht, tá nósanna imeachta ceaptha ag an eagraíocht atá le bheith i bhfeidhm agus gearáin á n-imscrúdú ag oifigigh fhiosrúcháin. Tá na nósanna imeachta seo leagtha amach sa chuid seo den láithreán gréasáin.